Ar mhaith leat tiúnáil isteach chuig a bhfuil á chraoladh ar na haerthonnta san Airgintín, éisteacht le stáisiún pobail sa Bhealarúis, nó cluas a thabhairt le ceol atá á chasadh sa Téaváin?
Bhuel, is féidir leat amhlaidh a dhéanamh, agus níos mó, a bhuíochas leis an suíomh iontach Radio Garden.
Tá stáisiúin raidió a bhíonn ag sruthú i gcathracha móra agus i gcúinní beaga an domhain mhóir le haimsiú beo tríd an tseirbhís ar líne seo.
Cruinneog idirghníomhach atá sa suíomh go bunúsach, atá lán le spotaí glasa a léiríonn na stáisiúin raidió atá ag craoladh i mbeagnach gach áit ar domhan.
Is féidir an tsaighead a bhogadh ar fud na léarscáile agus í a leagan ar spota glas de réir mar is mian leat agus ansin tiúnáil isteach ar an chlár atá á chraoladh díreach san am i láthair.
Is deas linn go bhfuil teanga bhinn na nGael faoi bhláth sa ghairdín raidió agus Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte, Raidió Rí Rá agus BBC Radio nan Gaidheal aimsithe againn ar an mhapa.
Tá gnéithe maithe eile ar an suíomh a ligeann duit tabhairt faoi thuras staire raidió, cluas a thabhairt le gligíní (fógraí fuaime) éagsúla agus éisteacht le scéalta atá á bplé ar fud an domhain.
Go dtí seo, níl aon stáisiún in Éirinn san áireamh sna rannóga ‘Stair’ agus ‘Scéalta’ ach tá 2FM agus TodayFM luaite i measc ghligíní na cruinne.
Deirtear ar an suíomh go n-úsáideann RTE 2FM “stíl cheapadóireachta” dá ngligíní a shíneann siar go dtí na 1950í nuair a tháinig siad chun cinn ar an raidió an chéad lá.
Sin fíric nach raibh a fhios againn in oifigí NÓS!
Tosaíonn turas na n-aerthonnta anseo!