Tá níos lú ná mí le dul go dtí go mbeidh teaghlach na meán Gaeilge bailithe le chéile in Óstán Radisson na Gaillimhe le haghaidh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, agus tá rannóg nua curtha le liosta na nduaiseanna i mbliana.
Den chéad uair riamh tabharfar aitheantas don ghlúin nua atá ag obair in earnáil na meán agus, ní ionann agus rannóga eile, tá deis ag an phobal mór vóta a chaitheamh ar son a réalta óig is fearr.
Seisear cumasach atá san iomaíocht don ghradam úr agus iad ar fad ar thús cadhnaíochta sna tionscnaimh is nuálaí agus is spreagúla sna meáin Ghaeilge.
Tá beirt scríbhneoirí de chuid NÓS ar an liosta: Cillian de Búrca a chuireann clár spleodrach Rí-Rá i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Katie McGreal a mbíonn a cuid alt le léamh ar fhorlíonadh Gaeilge an Irish Independent, Seachtain, chomh maith.
In éineacht leo tá dís fhear a bhfuil go leor scéalta nuachta briste acu ar líne le tamall anuas, mar atá duine de phríomhiriseoirí Tuairisc.ie, Maitiú Ó Coimín, agus Shane Ó Curraighín ón suíomh físeán meoneile.ie.
Réaltaí craoltóireachta an bheirt eile ar an ghearrliosta, an t-iriseoir aitheanta le Nuacht RTÉ/TG4, Áine Ní Bhreisleáin, agus an láithreoir le Raidió na Life agus FM104, Lisa Nic an Bhreithimh.
Is cuí agus is cóir go n-aithneofaí obair na nGael óg seo agus, cé go mbeidh fonn orthu uilig an duais a thabhairt leo, tá cairdeas agus dlúthpháirtíocht eatarthu a chinnteoidh ceiliúradh mór ar an oíche, cibé duine a bheas ar an chéad réalta óg de chuid na nGradam Cumarsáide.
Go n-éirí leo!
Is féidir breis eolais a léamh faoi na hiomaitheoirí, agus vóta a chaitheamh, ar shuíomh an Oireachtas.