Sashayáil away! Gaeilge le glam ó RuPaul

Cuireadh gliondar ar chroí na nGael ar Twitter tráthnóna, go mór mór orthu sin ar baill de lucht dílis leanúna na banríona draig RuPaul, nuair a sheol an láithreoir cáiliúil teilifíse giolc i nGaeilge inar mhol sé a comhghleacaí Éireannach Michelle Visage as an obair atá déanta aici ar an gclár Ireland’s Got Talent.

Tugadh suntas ar na meáin shóisialta do chruinneas na teachtaireachta agus dá nádúrtha is a bhí cuid den fhrasaíocht a d’úsáid RuPaul. Is léir gur duine le Gaeilge mhaith a scríobh thar ceann na banríona draig agus duine a bhfuil tuiscint aige ar an nGaeilge a labhraítear in áiteacha áirithe sa tír. Bhí áthas ar mhuintir Bhéal Feirste an bheannacht ‘J an chraic?’ a fheiceáil agus ríméad ar mhuintir Chonamara leithéidí ‘deadlaí agus maightí’ chomh maith le ‘sashayáil away’.

SCÉALTA EILE