Seoladh an tsraith podchraoltaí ‘Scéalta Thuatha Dé Danann’ inniu. Tugann Gráinne Holland, Stephen Loughran, agus Joseph Campbell McArdle éisteoirí ar aistear draíochtúil trí sheanscéaltaí na hÉireann le ceol nuachumtha, maisíochtaí fuaime agus níos mó!
Ar a bharr sin, seoladh suíomh idirlín tuathadedanann.ie, a chuireann eolas ar fáil faoin tsraith nua, seónna scéalaíochta (Ceol na Sióg), imeachtaí idirghníomhacha (Slí na Sí), agus ceol agus leabhar nua le Gráinne Holland, Draíocht an Dúlra.
Déantar cur síos ar an tsraith mar:
“Sraith mhealltach nua de phodchraoltaí tagtha chun cinn a chuirfidh éisteoirí faoi gheasa ag draíocht mhiotaseolaíocht na hÉireann agus í curtha le ceol corraitheach. Is sraith nuálach de podchraoltaí é ‘Scéalta Thuatha Dé Danann’ arna léiriú ag Corcra Media agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá meascán mearaí ann den scéalaíocht agus den cheol a chuirfidh anam i seanscéalta na hÉireann. Díríonn an chéad sraith ar athinsint ar thóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, a nochtar i gcúig chlár mhealltacha a chuirtear i láthair i nGaeilge agus i mBéarla.”
Cuirtear tús leis an tsraith leis an chéad eagrán, ‘Diarmuid agus Gráinne: Deartháireacha Mallaithe’. Is féidir éisteacht leis an chéad chlár anseo.