Snapairí buacha TG4


Sciob Snapairí TG4 an mhórdhuais Snapchat ag ócáid bronnta gradaim na meán sóisialta, ‘The Sockies’, aréir san RDS i mBaile Átha Cliath.

Bhí joe.ie, breakingnews.ie, her.ie agus Paddy Power ina measc siúd a ainmníodh sa rannóg ‘An Úsáid is fearr as Snapchat’ ach fuair TG4 an ceann is fearr orthu.

Cúis iontais agus áthais é do “Rí Snapchat” in TG4, Micheál ó Ciaraidh, láithreoir Cúla 4, a thuill an teideal nua seo as siocair an oiread ama a chaitheann sé ag plé le Snapchat.

“Seo an chéad uair dúinn a bheith istigh ar chomórtas náisiúnta den chineál seo agus ní raibh súil ar bith againn go mbeadh an bua againn, ach is iontach duais mar seo a bhuachan,” ar sé.

Aithníodh cur chuige ceannródaíoch an stáisiúin i dtaobh trí fheachtas ar leith atá eagraithe ag TG4 ó bhí mí na Nollag seo caite ann – Junior Eurovision, Seachtain na Gaeilge agus Eipic.

Bea

Thosaigh TG4 ag plé le Snapchat ag Oireachtas na Samhna anuraidh agus is faoi stiúir Loretta Ní Ghabháin ó Lorg Media atá na feachtais éagsúla ar Snapchat á reáchtáil.

Dúirt Loretta Ní Ghabháin, Stiúrthóir Lorg Media, le NÓS gur mór di an t-aitheantas seo a fháil dá comhlacht agus do TG4 agus go ndearna an fhoireann ar fad, idir láithreoirí TG4 agus na comhlachtaí neamhspleácha a bhí ag obair léi ar na feachtais éagsúla, jab iontach.

“Is ar scáth a chéile atá Snapchat TG4 á fhorbairt againn ón tús agus tá muid chomh sásta leis an aitheantas náisiúnta seo do TG4, do Lorg Media agus don Ghaeilge,” ar sí.

“Gan an fhís agus an aisling atá ag TG4 agus ag Seán Cathal Ó Coileáin, Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, a thug saoirse dúinn rudaí nua a thriail, ní bheadh an duais seo againn.”

Scan

“Bhreathnaigh muid air mar bhealach le gabháil i mbun comhrá lenár lucht leanúna óg. Is ann atá siad ag caitheamh a gcuid ama faoi láthair ar aon nós.”

“Bhí cuir chuige éagsúla in úsáid againn le daoine a mhealladh, cuid acu conspóideach go leor, mar a bhí i gcás Bea in Eipic,” arsa Loretta le gáire.

De réir figiúirí atá cruinnithe ag Connected Ireland, cruthaítear billiún scéal Snap sa lá ar fud na cruinne, le breis agus 590,000 úsáideoir in Éirinn.

Is spéisiúil gurb í Éire an tríú tír is mó ar domhan ina mbaintear leas as Snapchat.

Meastar go bhfuil cuntas Snapchat ag 84% de dhaoine óga 15-18 mbliana d’aois, agus go mbíonn 83% acu ag baint úsáide as go laethúil.

Is iad Micheál Ó Ciaraidh agus spéirbhean na haimsire, Caitlín Nic Aoidh, is mó a bhíonn ag plé le Snapchat in TG4 ach is minic iad ag tarraingt láithreoirí eile isteach san iarracht chomh maith.

Dúirt Micheál go bhfuil buntáistí móra i gceist le Snapchat nach bhfuil ar na hardáin eile, Twitter, Facebook agus Instagram ina measc.

“Is uirlis iontach cumhachtach é. Tá saoirse i bhfad níos mó ann ná mar atá ar ardáin eile. Sin an rud a thaitníonn liomsa faoi,” ar Micheál.

“Thig leat ceol a sheinm taobh thiar de do chuid snaps. Níl srian ar bith ná rialacha ag baint leis.”

Comhghairdeas le foireann TG4 agus Lorg Media!

Bí i do snapaire agus lean TG4 ar TG4TV!

SCÉALTA EILE