Seoladh 4,532 giolc faoin haischlib #Gaeiltober an mhí seo caite ó 1,453 cuntas éagsúil. Bhí meascán den Ghaeilge agus den Bhéarla sna giolcacha sin, a seoladh mar chuid d’fheachtas nuabhunaithe feiceálacht na Gaeilge ar na meáin shóisialta a ardú le linn mhí Dheireadh Fómhair.
Le tamall de bhlianta anuas, bíonn feachtais éagsúla á rith le linn míonna áirithe — mí Eanáir agus mí Dheireadh Fómhair go háirithe — le húsáideoirí na meán sóisialta a spreagadh chun caitheamh aimsire nua a thosú, gníomh pobail a dhéanamh, páirt a ghlacadh in agóid nó gníomhartha eile a dhéanamh. Spreagtar ealaíontóirí chun líníochta leis an bhfeachtas #Inktober agus lucht smididh chun ealaíne le #liptober, mar shampla.
I mbliana, bheartaigh an Gaeilgeoir óg Ailís Níc Aoidh gan ach an Ghaeilge a úsáid ar a cuntas Twitter ar feadh na míosa Deireadh Fómhair. Scaipeadh an smaoineamh ina loisceadh sléibhe ar Twitter agus faoi thús na míosa bhí na céadta ag glacadh páirte san fheachtas.
I'm considering only tweeting as Gaeilge for the whole of October just to see how good my vocab is and how i could improve it, but yous Gaeilgeoirí who follow me need to correct the grammar i inevitably get wrong so i can learn
— ailís níc aoidh 🇮🇪🏴 (@ailisnicaoidh) September 26, 2019
Mheall #Gaeiltober 1,453 cuntas éagsúil agus de réir staitisticí a chuir an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri ar fáil do NÓS, ba ‘Ghaelghiolcairí nua’ iad 1,067 de na cuntais sin. Is é sin le rá, nach raibh 1,067 de na cuntais a bhí ag giolcaireacht i nGaeilge le linn mhí Dheireadh Fómhair ar bhunachar an Ollaimh roimhe seo — rud a thugann le fios gur ar éigean gur labhair siad Gaeilge ar na meáin shóisialta roimhe seo.
Dúirt Kevin le NÓS go léiríonn an céatadán ard sin ( 73%) go raibh tionchar mór ag an bhfeachtas daoine nach gnách leo an Ghaeilge a labhairt ar na suíomhanna sóisialta agus “mórán daoine ‘nua’ a mhealladh isteach i bpobal na Gaeilge ar Twitter”.
Níl figiúirí ar fáil do na meáin shóisialta eile, ar nós Facebook agus Instagram, agus bhí an feachtas #Gaeiltober ar siúl ag cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge ar ardáin eile le linn na míosa.
Tá an Ghaeilge réasúnta sláintiúil ar na meáin shóisialta, i gcomparáid le mionteangacha eile an domhain. De réir eolais a chuir Kevin Scannell ar fáil in 2017, tá thart ar 770 giolcaire gníomhach as Gaeilge gach seachtain agus bíonn tuairim is 6,000 giolc i nGaeilge á seoladh acu. Is giolcairí ‘aonteangacha’ (70%+ den ábhar i nGaeilge amháin) iad 114 cuntas acu sin, ach nuair a bhaintear na heagraíochtaí Gaeilge as an liosta, níl fágtha ach 40 duine aonair a bhíonn ag giolcaireacht go príomha i nGaeilge gach seachtain.
Bíonn feachtais speisialta ar bun don Ghaeilge ag Conradh na Gaeilge i gcaitheamh Sheachtain na Gaeilge, ar an 16 Márta, gach bliain le go mbeadh níos mó Gaeilge ar na meáin shóisialta.
Tá Gaeil na hAlban i mbun #Gaelvember i láthair na huaire, ach níl staitisticí maidir leis an bhfeachtas sin bailithe ag an Ollamh Scannell i mbliana.