117 duine páirteach in ‘Gaeiltober’ na bliana seo ar Twitter

Ghlac 117 duine páirt sa bhfeachtas ‘Gaeiltober’ i mbliana – feachtas a thosaigh an cainteoir Gaeilge Ailís Níc Aoidh, as Tír Eoghain, den chéad uair an bhliain seo caite. Is é an tOllamh Kevin Scannell, ó Ollscoil St Louis, a bhailigh an t-eolas faoi úsáid na Gaeilge ar Twitter le linn mhí Dheireadh Fómhair.

An bhliain seo caite, bheartaigh Ailís gan ach an Ghaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta ar feadh na míosa Deireadh Fómhair. Bíonn feachtais éagsúla á rith le linn míonna áirithe — mí Eanáir agus mí Dheireadh Fómhair go háirithe — le húsáideoirí na meán sóisialta a spreagadh chun caitheamh aimsire nua a thosú, gníomh pobail a dhéanamh, páirt a ghlacadh in agóid nó gníomhartha eile a dhéanamh.

D’fhógair Ailís arís ag tús na míosa seo caite go raibh sé i gceist acu tabhairt faoin dúshlán arís i mbliana. Moltar do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ar líne an haischlib #Gaeiltober a chur lena dteachtaireachtaí ar na meáin shóisialta. Ní ar Twitter amháin atá #Gaeiltober dírithe, ach ar na hardáin uile. Is é an chaoi gur fusa eolas agus staitisticí a bhailiú faoi labhairt na Gaeilge ar Twitter ná mar atá sé ar na hardáin eile sin.

De réir na hanailíse a rinne Kevin Scannell ar an haischlib #gaeiltober, ghlac 117 cuntas Twitter páirt sa bhfeachtas idir 1 Deireadh agus Oíche Shamhna, agus seoladh 462 giolc i nGaeilge faoin haischlib sin. D’fhéadfadh sé gur seoladh giolcacha i dteangacha eile faoin haischlib chéanna ach níl siad san áireamh in anailís Scannell. As na 117 cuntas sin ba dhaoine iad nár chuir giolc amach i nGaeilge riamh cheana iad 35 duine acu.

Tá an Ghaeilge réasúnta sláintiúil ar na meáin shóisialta, i gcomparáid le mionteangacha eile an domhain. De réir eolais a chuir Kevin Scannell ar fáil níos luaithe i mbliana, tá 1,667 cuntas Twitter ann a sheolann giolc i nGaeilge ar a laghad uair sa tseachtain, agus bíonn os cionn 11,000 giolc i nGaeilge á seoladh ar an suíomh gach seachtain.

D’éirigh chomh maith sin le #Gaeiltober na bliana seo caite gur spreagadh Gaeil na hAlban a leagan féin den fheachtas a thosú an mhí dar gcionn agus #Gaelvember a chur ar bun, ach níl mórán cainte ar a leithéid d’fheachtas in 2020.

SCÉALTA EILE