Ba é an tAthair Brian Ó Fearraigh, as paróiste Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall, a sheol an 4,000,000ú giolc as Gaeilge ar Twitter, de réir anailíse a rinne an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil St Louis in Missouri.
De réir cosúlachta chan inniu nó inne a thosaigh an foghlaim ón bhaile! De réir na leabharthaí tinnrimh, bhí Scoil Náisiúnta Chnoc an Stolaire anseo i nGaoth Dobhair a tógadh sa bhliain 1842 druidte le bruicíneach ar feadh roinnt seachtainí in aimsir na féile Pádraig 1946. pic.twitter.com/GNaz7SDlvo
— Brian Ó Fearraigh (@brianofearraigh) January 21, 2021
Pictiúr den leabhar tinrimh a bhí ag Scoil Náisiúnta Chnoc an Stolaire i nGaoth Dobhair sa bhliain 1946 a bhí sa ghiolc a chuir an sagart aitheanta Gaeltachta amach ar a chuntas pearsanta, agus é ag trácht ar an “bhfoghlaim ón mbaile”. Dúnadh an scoil bheag Ghaeltachta in aimsir na Féile Pádraig mar gheall ar ráig den bhruicíneach a scaipeadh trithí an bhliain sin.
Coinníonn an tOllamh Scannell cuntas ar úsáid na Gaeilge ar líne agus tá taifead déanta aige den 1,000,000ú, 2,000,000ú, agus 3,000,000ú giolc freisin.
Ba in 2006 a seoladh an chéad ghiolc i nGaeilge ar Twitter, cúpla mí i ndiaidh bhunú an tsuímh. Ba í an t-úsáideoir @aine a chuir an chéad ghiolc sin amach mí Nollag na bliana sin.
Níl sa saol ach gaoth agus toit.
— Áine (@Aine) December 18, 2006
D’imigh beagnach deich mbliana tharainn sular sáraíodh an milliún tvuít. Sheol @OideasGael, cuntas oifigiúil Twitter an choláiste Gaeilge do dhaoine fásta i nGleann Cholm Cille, an 1,000,000ú giolc Domhnach Cásca 2015 agus beannachtaí na féile á nguí ar lucht a leanta.
Beannachtaí na Cásca daoibh go léir ó Gleann Cholm Cille. http://t.co/yh4fX6jtwM
— Oideas Gael (@OideasGael) April 5, 2015
An múinteoir Trevor Herbert i mBaile Átha Cliath, a sheol an 2,000,000ú giolc mar fhreagra ar phictiúr de chomhartha Gaeltachta a chuir Sorcha Ní Riain, as oirthear Chorcaí, suas ar an suíomh ar an 22 Iúil 2017.
Deacair do bhó séimhiú a dhéanamh.
— @riadach@mastodon.ie (@riadach) July 22, 2017
Ba é an láithreoir raidió Aindriú de Paor, a bhí ag obair leis an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta in 2019 a sheol an 3,000,000ú giolc:
Beidh píosa agam ón agóid a bhí ag an @INMO_IRL ag Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae ar @TusAite le @MichelleNicGria ar @RTERnaG tráthnóna freisin. pic.twitter.com/dDrO1xHVpd
— Aindriú de Paor (@aindriudepaor) January 30, 2019
Ocht mbliana, trí mhí, agus 19 lá a thóg sé ar phobal na Gaeilge an 1,000,000ú giolc a bhaint amach. Dhá bhliain, trí mhí, agus 18 lá a bhí ann sular seoladh an 2,000,000ú giolc. Bliain, sé mhí, agus naoi lá a bhí ann idir é sin agus an 3,000,000ú giolc, agus bliain, 11 mí, agus 23 lá a bhí ann idir an giolc sin agus an 4,000,000ú ceann an tseachtain seo caite.