An feachtas margaíochta Gaeilge ab fhearr in Éirinn á lorg do Ghradaim AIM

Tá iarratais á lorg ag Institiúid Margaíochta na hÉireann ó eagraíochtaí a d’úsáid an Ghaeilge ina bhfeachtais mhargaíochta le linn 2020 don ghradam ‘Margaíocht le Gaeilge’ a bhronnfar mar chuid de Ghradaim Mhargaíochta na hÉireann. 

“Is bealach an-láidir é an úsáid na Gaeilge mar chuid den mhargaíocht le seasamh amach ón slua. Bíonn a lán comhlachtaí Éireannacha ag lorg bealaí le béim a chur ar a ndúchas agus ar luachanna a mbranda. 

“Beidh na moltóirí ag lorg samplaí de ghnólachtaí a bhain leas as an bhféidearthacht mhargaíochta a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an dátheangachas agus a d’úsáid seo le tacú le brandáil agus le suí a aimsiú sa mhargadh,” a dúirt ionadaí de chuid Institiúid Margaíochta na hÉireann. 

Cuirfear fáilte roimh shamplaí den Ghaeilge a bheith á húsáid le “custaiméirí nua a mhealladh, le cur le dílseacht custaiméirí, dea-thoil a fháil, buntáiste margaíochta a bhreith ar iomaitheoirí, nó caidreamh poiblí a fheabhsú”. 

Tá fiche rannóg ann i gcomórtas na blaina seo, rannóg na margaíochta Gaeilge ina measc, agus glacfar le hiarratais go dtí 11 Feabhra 2021. Ba é an comhlacht Energia a thug leo an chraobh anuraidh mar gheall ar an bhfógra teilifíse Gaeilge a chruthaigh siad, an dá mhúrmhaisiú Gaeilge a péintéaladh i mBaile Átha Cliath, agus an obair a rinne an comhlacht leis an bhféile Seachtain na Gaeilge. 

Bhí ceithre eagraíocht eile sa bhabhta ceannais in 2020: Electric Ireland, Cumann Lúthchleas Gael, Met Éireann, agus William Fry. 

SCÉALTA EILE