Beatha teanga í a ghiolcadh

Cé gur léir go bhfuil iriseoirí áirithe in Éirinn ciaptha ag droch-chuimhní ar a bheith ag foghlaim na Gaeilge ar scoil agus damáiste buan déanta dá sícé íogair (na créatúir!), tá mórán daoine eile ann nach bhfuil drogall ar bith orthu an Ghaeilge a úsáid mar mhodh cumarsáide.

Ina measc tá Príomhfheidhmeannach Microsoft, Satya Nadella.

Tá ceannaire an ollchomhlacht teicneolaíochta mar aoichainteoir ag cúpla ócáid i mBaile Átha Cliath inniu.

Thug sé le fios ar maidin i nGaeilge go bhfuil sé sásta a bheith anseo in Éirinn.

Chuir sé a lúcháir in iúl ar an chóras giolcaireachta, Twitter.

Mar atá a fhios againne, Nósádóirí niamhracha, beatha teanga í a labhairt – agus beatha teanga í a ghiolcadh.

Fuair an fear gnó Indiach roinnt freagraí i nGaeilge ó mhuintir na hÉireann.

D’fhreagair daoine as tíortha eile i nGaeilge fosta é, ina measc @tsrangarajan as Chennai na hIndia, agus @sinraed, Andries van der Werf, as an Ísiltír.

lar

Chuir TG Lurgan scéala chuige chomh maith, i mBéarla.

Ní mó ná sásta atá an t-eagras ceolmhar leis an nuachtán an Independent mar gheall ar a ndearcadh i leith na Gaeilge.

D’fhiafraigh siad d’fhear Microsoft iarraidh ar lucht an fhoilseacháin deireadh a chur lena ndóigheanna fealltacha agus glacadh le féiniúlacht na hÉireann:

Rugadh Nadella i gcathair Hyderabad agus is í Telegu teanga a mhuintire.

Is é an príomhchainteoir inniu é ag Cruinniú Teicneolaiochta Microsoft Éireann san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath.

Tá a chaint ag díriú ar an dóigh a rachaidh an néalteicneolaíocht chun sochair do mhuintir an domhain uile, go háirithe i gcúrsaí sláinte agus i gcúrsaí oideachais.

Amach sa lá, beidh deis ag mic léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath éisteacht leis ag labhairt ar an fhís atá aige don fhoghlaim.

Is i gCampas Naomh Pádraig i nDroim Chonrach a bheas an ócáid sin ar siúl ó 2.30-4.30in.

SCÉALTA EILE