Black Lives Matter agus eachtraí móra eile an idirlín

Is doiligh eachtraí na seachtaine seo ar líne a achoimriú inniu. Le fírinne, is doiligh scríobh faoi aon rud ach na hagóidí, an ciníochas, brúidiúlacht na bpóilíní, agus an teannas uilig a tháinig chun cinn i ndiaidh dhúnmharú George Floyd i Minneapolis. Tá sé mar dhualgas orainne ár bpribhléid a úsáid agus iarracht a dhéanamh deireadh a chur le éagóir shóisialta. 

An tseachtain seo ar an cholún, rinne mé iarracht na scéalta a choinneáil chomh croíúil agus is féidir, ach ní sin le rá nár chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar an oiread éagothroime atá ar an domhan seo agus inár dtír féin, agus tá orainn uilig tacú le chéile ar son an chirt.

Cuntas Instagram na Seachtaine:

Bíonn Ruairí ag obair mar láithreoir le Raidió Rí-Rá, Raidió na Life, agus ar BLOC TG4. Tá Ruairí fosta mar bhall den chomharghrúpa An Ghaeltokt ar TikTok, ach ní claontacht an fáth go bhfuil sé sa cholún seo an tseachtain seo. 

Chomh maith leis an obair uilig a dhéanann sé sna meáin, is gníomhaí teanga agus cearta an duine é. An tseachtain seo, thosaigh Ruairí ag díol cartaí poist ar mhaithe leis an bhfeachtas Black Lives Matter, le 100% den bhrabús ag dul chuig Black Visions Collective i Minneapolis, áit ar maraíodh George Floyd agus é faoi choimeád na bpóilíní. Tá siad ar fáil ar Etsy, agus is bealach maith é le tacú leis an bhfeachtas, an teachtaireacht a scaipeadh, agus síntiús a dhéanamh chuig cúis ar dóigh.  

Giolc na Seachtaine:

Tá mé féin an-tógtha le scríbhneoireacht Patrick Freyne, agus bíonn seoid nó dhó d’abairt i gcónaí le fáil ina ailt. Seo ceann acu. 

Físeán na Seachtaine:

Agus Normal People tagtha chun deiridh an tseachtain seo, thug Eoin P Ó Murchú moladh dúinn ar cén t-aistriúchán ba chóir a bheith ar an sár-leabhar seo, scríofa ag Sally Rooney. Le fírinne, tá mé millteanach tógtha go bhfuil blas an iarthuaiscirt lárnach san fhíseán seo, agus ba chóir go mbeadh níos mó físeáin déanta faoi. Sin an bealach isteach sa cholún seo, a chairde.  

Leag súil ar:

Má bhí éifeacht ag eachtraí na seachtaine seo ort, agus más rud é gur mhaith leat cuidiú ar dhóigh ar bith, molaim duit síntiús a thabhairt go eagraíochtaí ar nós MASI agus MERJ, sínigh achainíocha, labhair le do chuid cairde faoin chiníochas, agus scríobh chuig do chuid ionadaithe tofa. Is féidir leidí Wuraola Majekodunmi a léamh le tuilleadh eolais a fháil ar cén dóigh le tacaíocht a thabhairt. Éist, foghlaim, agus cuidigh. Ar scáth a chéile a mhaireann muid. 

SCÉALTA EILE