Bríste Paul Mescal agus oibseisiúin eile na seachtaine

Tá mí eile curtha isteach againn sa bhaile, agus tá muid go fóill ag éirí cleachtaithe ar an saol úr. Agus an aimsir dochreidte againn le cúpla lá anuas agus lá saoire bainc amach romhainn, tá sé doiligh fócas a choinneáil ar an obair. Coinnigh ort, nigh do lámha agus fan sa bhaile ag leagan súl ar liosta iontais an tsaoil ar líne atá déanta agam an tseachtain seo. 

Cuntas Instagram na Seachtaine

https://www.instagram.com/p/CAfIEo6nAlt/?utm_source=ig_web_copy_link

Tá an leathanach seo á reáchtáil ag Cian Ó Gríofa, agus crochann sé méimeanna as Gaeilge, pictiúir agus físeáin ghreannmhara don phobal LADT+. Tá Mí an Bhróid ag teannadh linn agus tá an cuntas Gaylgeoiri ag reáchtáil dúshlán #SlayAtHome2020 ar mhaithe le carthanachtaí éagsúla. 

Le páirt a ghlacadh, caithfidh tú barr maise a chur ort féin agus pictiúr nó físeán a ghlacadh agus tú sa bhaile. Is féidir ansin síntiús a thabhairt ag an nasc i mbio Gayleoiri le tacú leis na cúiseanna tábhachtacha seo. 

Giolc na Seachtaine

Obseisiún na Seachtaine 

https://twitter.com/mescal_paul/status/1265376890723991554

Tá an t-idirlíon go fóill gafa le Paul Mescall, agus cén tuige nach mbeadh? An tseachtain seo, tháinig an pictúir seo amach dó, ag siúl síos an tsráid le dhá G&T bhándearga, Crabbies Ginger Beer, agus paca criospaí manglaim cloicheán agus dár ndóigh, bríste peile O’Neills. Tá an seaicéad dochreidte fosta, agus cé nár mhaith leis a bheith ag dul chuig an bpicnic sin leis? (Tabhair leat do chuid G&Ts féin, ní maith leis iad a roinnt.)

Méim Ghaelach na Seachtaine 

Rinne Studyclix an mhéim seo faoin ngearrscannán Ardteiste Cáca Milis, scannán a bhfuil a lorg fágtha aige ar aigne an aosa óig in Éirinn ón chéad uair a chonaic muid é. Bhí an traein folamh! Thiocfadh léi carráiste difriúil a phiocadh! Ní raibh aon ghá Brendan Gleeson a mharú, fiú má bhí sé ag déanamh práisc cheart don cháca. B’fhéidir gurbh fhearr súil a choinneáil ar mháthair Chatherine. 

Leag súil ar

https://twitter.com/imeascnadtom

Bíonn Tom ag tarraingt agus ag cruthú greannáin bheaga as Gaeilge ar a chuntas Twitter, agus tá siad gleoite. Má tá tú ag iarraidh maitheas a fheiceáil sa domhain, caith seal ar a chuntas Twitter agus ar a bhlag BEOIGH. Ní bheidh aon aiféala ort go ndearna tú é.  

SCÉALTA EILE