Tá an scéal faoin Grumpy Fuckers’ Cafe ag cur le hiomrá phríomhchathair na Breataine Bige le roinnt míonna anuas agus é á scaipeadh ar fud an domhain mhóir.
Ach má dhéanann tú iarracht an caifé cantalach seo a aimsiú ar shráideanna Caerdydd (Cardiff), caife ní bhfaighidh tú mar is i mbéaloideas an idirlín amháin a mhaireann sé.
Tháinig an scéal faoin chaifé cantalach chun cinn ar an suíomh bréagscéil WalesOnCraic den chéad uair i mí Mheán Fómhair seo caite.
Tuairiscíodh san alt gur tearmann é an caifé don té nach mbíonn dea-spionn orthu ar maidin.
“We opened the shop at 6am and by 7am, we’d already sold out of ‘Fuck You Frappuccinos’ as well as our ‘Piss Poor Tea’,” arsa an bainisteoir.
Ag labhairt dó le NÓS, dúirt Patrick Morgan, atá taobh thiar den suíomh, gur tháinig sé ar an smaoineamh agus é amuigh ag siúl lena mhadra, tar éis go ndearna siúlóir madra anaithnid neamhaird dá bheannachtaí maidine, rud a chuir isteach air ag an am.
“Taobh istigh d’uair an chloig don scéal bréagach faoin chaifé nua bheith beo, fuair mé glaoch ón soláthraí idirlín ag rá go raibh an suíomh imithe craiceáilte,” ar sé.
Roinneadh an scéal na mílte uair ó shin agus tarraingeoidh breis agus 2 mhilliún duine chuige go dtí seo.
Cé nach raibh i gceist ag Patrick ach gáire a mhúscailt, ardaíodh spéis sa chaifé ó dhaoine éagsúla ar fud an domhain a bhí ag súil le cuairt a thabhairt air, ó fhiontraithe a bhí ag iarraidh caiféanna saincheadaithe a oscailt agus fiú, ó na meáin mhóra i SAM.
“Ag pointe amháin bhí mé ag déanamh go raibh rudaí imithe thar fóir ar fad,” ar sé.
Le suíomh agus siopa rathúil ar líne a dhíolann táirgí ‘Grumpy Fuckers’, tá Patrick ag súil nach fada go mbeidh a fhís bhréige fíoraithe aige nuair a aimsíonn sé ionad maith sa chathair dá chaifé nach ann dó fós.
Beir bua a chara Cymru!