Cé mhéad duine a fheiceann an Ghaeilge gach lá ar Twitter? 1,200,000

Foilsítear giolcacha Gaeilge ar 1,200,000 amlíne gach lá.

Scríobh colúnaí NÓS, Seaghan Mac an tSionnaigh, alt i mBéarla ar The Irish Times ag an deireadh seachtaine inar luaigh sé “that the Irish language retains a presence on social media out of all proportion with the overall number of fluent speakers”.

Spreag an maíomh seo an ríomheolaí aitheanta Kevin Scannell, ó Ollscoil Saint Louis, staitisticí a bhailiú faoi “láithreacht” sin na Gaeilge ar an suíomh Twitter, agus tá toradh a shaothair tugtha aige do NÓS. 

Is féidir a rá gur mhaígh Seaghan go bhfuil an Ghaeilge, nó pobal na Gaeilge féin, i bhfad níos feiceálaí ar na meáin shóisialta ná mar atá sí, nó siad, sa bhfíorshaol in Éirinn. Tá anailís déanta ag Kevin Scannell ar na cuntais Twitter a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge gach uile lá, agus ar líon na leantóirí atá ag na cuntais sin. 

D’aimsigh sé 309 cuntas a chuireann ábhar amach ar bhonn laethúil, agus ansin d’úsáid sé API Twitter chun anailís a dhéanamh ar leantóirí na gcuntas sin agus d’aimsigh sé an 1,200,000 cuntas uathúil an gcaoi sin. 

Is léir ó na figiúirí atá curtha ar fáil ag an Ollamh Scannell go mbíonn an Ghaeilge á úsáid ar bhonn laethúil ag cuid de na cuntais is mó Twitter in Éirinn, chomh maith le go leor cuntas eile a bhfuil lucht leanúna measartha mór acu. Dá bhrí sin, is féidir a mhaíomh go bhfeiceann an t-uafás daoine as Éirinn an Ghaeilge ar a n-amlíne Twitter ar a laghad uair amháin gach lá. 

Níl bealach cruinn eolaíoch ann leis sin a chur i gcomparáid leis an méid Gaeilge a d’fheicfeadh nó a chloisfeadh an gnáthdhuine ar bhonn laethúil in Éirinn taobh amuigh den saol digiteach. Tá an Ghaeilge le feiceáil i mbeagnach gach uile bhaile sa tír, ar chomharthaí sráide agus fógraíocht na ngnólachtaí, idir bheag agus mhór. 

Is é cuntas oifigiúil RTÉ an cuntas a bhfuil an méid is mó leantóirí aige ar liosta Kevin. Ciallaíonn sé sin go mbíonn ábhar i nGaeilge á chur amach ag RTÉ gach uile lá, agus go bhfeiceann cuid mhaith dá 598,125 leantóir an t-ábhar sin gach lá. 

Is leis an iar-uachtarán Shinn Féin Gerry Adams an cuntas pearsanta is mó ar liosta Kevin. Foilsíonn Gerry ábhar i nGaeilge gach lá ar amlínte a 182,097 leantóir. Tá beirt pholaiteoirí eile de chuid Shinn Féin ag barr an liosta chomh maith, an MLA Máirtín Ó Muilleoir, agus an Seanadóir Niall Ó Donnghaile.

Tá meáin Ghaeilge: Tuairisc.ie, NÓS, Nuacht TG4, Raidió na Life, Raidió Rí Rá, Aimsir TG4, Molscéal agus grúpaí eile nach iad ar an liosta freisin chomh maith le go leor leor cuntas aonair pearsanta. 

Is eagraíochtaí móra iad formhór na gcuntas atá ar bharr an liosta: Cumann Lúthchleas Gael, oifig Uachtarán na hÉireann agus ‘Merrion Street’, a bhíonn ag giolcaireacht thar ceann an Rialtais. 

Tá dhá chuntas de chuid TG4 i measc na ndeich gcuntas is mó ar an liosta — GAA BEO agus Spórt TG4, agus tá Conradh na Gaeilge agus RTÉ Raidió na Gaeltachta gar go maith don bharr freisin. 

1RTÉ (@rte)598,125
2Cumann Lúthchleas Gael (@officialgaa)397,722
3Gerry Adams (@GerryAdamsSF)182,097
4Uachtarán na hÉireann (@PresidentIRL)123,517
5Rialtas na hÉireann (@merrionstreet)51,547
6GAA BEO (@GAA_BEO) 50,005
7TG4 (@TG4TV)43,792
8Máirtín Ó Muilleoir (@newbelfast)34,407
9Spórt TG4 (@SportTG4)28,937
10Niall Ó Donnghaile (@NiallSF)27,373
11Conradh na Gaeilge (@cnag)23,582
12RTÉ Raidió na Gaeltachta (@RTERnaG) 23,006
13Motherfoclóir (@motherfocloir)21,669
14Seachtain na Gaeilge (@SnaGaeilge)18,757
15Úna-Minh Caomhánach (@unakavanagh)16,656
16Uisce Éireann (@IWCare)15,838
17Comhairle Contae na Gaillimhe (@GalwayCoCo)14,702
18Bibi Baskin (@BibiBaskin)13,351
19Seán Mac an tSíthigh (@buailtin)13,137
20Foras na Gaeilge (@ForasnaGaeilge)12,974
21An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (@DeptAHG)11,012
22Voice for Teachers (@VoiceforTeacher)10,831
23 Tuairisc.ie (@tuairiscnuacht)10,813
24Gael Linn (@GaelLinn)10,737
25Comhairle Contae Dhún na nGall (@donegalcouncil)10,730
26Scoil Dlí UCD (@UCDLawSchool)10,415
27Cathal Mac Coille (@CMacCoille)10,149
28Raidió na Life (@raidionalife)9,856
29Dúchas.ie (@duchas_ie)9,250
30Coiste na bhFocal Nua (@coistenabhfocal)9,079
31Nuacht TG4 (@NuachtTG4)8,979
32NÓS (@nosmag)8,800
33Féilire na Gaeilge (@Feilire)8,758
34Peadar Ó Caomhánaigh (@TheKavOfficial)8,658
35Sliocht Néill CLG (@GACSlaughtneil)8,659
34Aodhán Micheal Connolly (@MichaelAodhan)7,774
35Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich (@Culturlann)7,560
36 BBC Gaeilge (@bbcgaeilge)7,547
37Oireachtas na Gaeilge (@OirnaGaeilge)7,239
38Údarás na Gaeltachta (@UdarasnaG)7,045
39Raidió Rí Rá (@RaidioRiRa)6,644
40Áine Ní Bhreisleáin (@AineEibhlin)6,558
41 Glór na nGael (@GlornanGael)6,394
42Ciara Ní É (@MiseCiara)6,370
43Osgur Ó Ciardha (@OsgurOCiardha)6,341
44Siún Ní Dhuinn (@Siuners)6,295
45Muireann Nic Amhlaoibh (@MuireannNic)6,198
46Molscéal TG4 (@MOLSCEAL)6,153
47An Aimsir Láithreach (@AimsirTG4)6,126
48An Siopa Leabhar (@ansiopaleabhar)5,625
49Parlaimint na hEorpa (@Europarl_GA)5,432
50Louise Ní Chuilinn (@Selkies_)5,383
SCÉALTA EILE