Beidh Gearóidín McEvoy linn arís tráthnóna agus an chéad rang ceardaíochta eile á thabhairt uaithi aici. Go dtí seo, tá mascanna aghaidhe, bunchlocha na cniotála, agus patrún Árann múinte ag Gearóidín dúinn, agus an tseachtain seo beidh sí ag díriú ar an uaschúrsáil.
“Beidh muid ar ais ag an inneall fuála an tseachtain seo agus mála gualainne á dhéanamh againn! Táimid chun uaschúrsáil a dhéanamh ar sheanbhraillín chun mála a dhéanamh. Is féidir leat a bheith ealaíonta leis an mála agus é a mhaisiú slí ar bith is mian leat.
“Beidh sé go deas fiú mar bhrontannas Nollag. Má tá tú le bheith liom tráthnóna, bíodh inneall fuála, siosúr, miosúr, bioráin, snáth agus éadach agat. Más mian leat an mála a mhaisiú, bíodh ribín, cnaipí, nó aon rud mar sin agat chomh maith,” a dúirt Gearóidín.
Is ar Instagram NÓS a bhíonn na ranganna ceardaíochta á dtabhairt ag Gearóidín agus féadfaidh tú breathnú siar ar na ranganna a tugadh roimhe seo ar an leathanach céanna.
Bí léi ag 17.30 anocht!