Ceardaíocht le Gearóidín: Fuáil stoca Nollag!

Tá an Nollaig ag teannadh linn agus níos lú ná mí fágtha go mbeidh Daidí na Nollag ag teacht anuas an simléar. Beidh Gearóidín McEvoy linn arís tráthnóna lena chinntiú go mbeidh muid ullamh le haghaidh chuairt an fhir mhóir dheirg!

Beimid ag an inneall fuála arís inniu, ag déanamh rud don Nollaig! Táimid chun stoca Nollag a fuáil le chéile. Beidh éadach uait don taobh amuigh agus don líneáil. Má tá cufa uait, déan cinnte go bhfuil éadach breise agat (úsáidfidh mé lomra).

“Más maith leat, beidh stuáil uait don taobh istigh ach ní gá. Bíodh píosa páipéar nó cárta agat (d’úsáid mé bosca Cheerios!) chun an pátrún a tharraingt. Síosiúr, miosúr, snáth agus an inneal fuála chomh maith agus aon mhaisiú is maith leat! Ríbín, cnaipí, éadach Nollaigiúil, feilt agus a leithéid!” a dúirt Gearóidín.

Bíonn Gearóidín linn ar Instagram NÓS uair sa tseachtain, Déardaoin ag 17.30, lena scileanna ceardaíochta a roinnt linn. Go dtí seo tá bunchlocha na cniotála, patrún Árann, agus mascanna aghaidhe déanta aici linn agus is féidir breathnú siar ar na ceachtanna sin go léir ar ár leathanach Instagram. Ná déan dearmad muid a leanacht!

SCÉALTA EILE