Ceardaíocht le Gearóidín le filleadh ar Instagram NÓS tráthnóna

Beidh bean na cniotála na fuála agus na gceirdeanna eile, Gearóidín McEvoy, línn arís tráthnóna don chéad eagrán den dara sraith de ‘Cheardaíocht le Gearóidín’.

Bhí Gearóidín linn ar Instagram NÓS an bhliain seo caite le ceachtanna beaga ceardaíochta a thabhairt dúinn i gcaitheamh na dianghlasála agus tá an-áthas orainn go mbeidh sí linn arís an mhí seo agus an tír faoi dhianghlasáil Leibhéal 5+ arís.

Beidh Gearóidín ag cniotáil anocht agus ag taispeáint cén chaoi na lúba a mhéadú agus a laghdú i stíleanna éagsúla.

“Beidh na scileanna seo uait chun patrún cniotála a leanúint. Níl uait anocht ag bioráin chniotála agus snáth!” a dúirt sí.

Is féidir ranganna na bliana seo caite a fheiceáil ar IGTV NÓS agus beidh rang na hoíche anocht ar fáil beo ag 17.30 agus ar an IGTV i ndiaidh sin.

https://www.instagram.com/p/CIoGz9KnqjQ/