Idir Bubble, Happn, Tinder agus Plenty of Fish, is iomaí aip chleamhnais atá amuigh ansin atá dírithe ar ghrá a spreagadh.
Den chéad uair, tá aip ar an mhargadh ar a dtugtar Hater uirthi, a tharraingíonn daoine le chéile bunaithe ar na rudaí a bhfuil gráin acu orthu.
Roghnaíonn úsáideoirí na haipe ó liosta de rudaí a chuireann soir iad, mar atá ‘lucht an análaithe béil’, nó ‘daoine a chuireann tús le comhráite fánacha ar an bhus’ nó ‘daoine a bhíonn ag cogaint ‘s ag caint agus béal lán bia acu’.
Is é Brendan Alper, fuirseoir as SAM, a tháinig aníos le coincheap na haipe.
“Magadh a bhí ann ar dtús ach is gearr gur thuig muid go raibh smaoineamh maith ann,” ar seisean.
“Nuair a labhair muid faoi is minic a cuireadh tús le comhrá breá bríomhar.”
“Tá staidéir déanta a léiríonn go dtagann daoine le chéile agus go mothaíonn siad níos gaire dá chéile bunaithe ar rudaí nach maith leo.”
Roghnaigh go cúramach a chairde nó seans go bhfuil do ghrá gheal ag fanacht ort le seisiún maith gearáin a dhéanamh!