Beagnach 2 mhilliún duine.
Sin an líon suntasach daoine a bhí tar éis clárú leis an leathanach ócáide “Storm Area 51, They Can’t Stop All of Us” ar Facebook faoi thráthnóna inniu.
Mar is léir ón ainm, is é atá i gceist ag an lucht eagraithe ruathar a thabhairt ar Limistéar 51, an bhunáit chlúiteach atá ag aerfhórsa Stáit Aontaithe Mheiriceá i bhfásach Nevada agus a luaitear go minic le teoiricí faoi eachtráin agus a gcuid spásárthach.
Is fada baint ag an áit le radharcanna ar úfónna agus tá dornán daoine a d’oibrigh san ionad a mhaíonn go bhfaca siad spásárthaigh nó eachtráin ar an láthair.
Go deimhin tá baint ag Limistéar 51 leis an scéal íocónach a chuir tús le stair chomhaimseartha na réad eitilte gan aithint (úfónna), sin é eachtra Roswell i Meicsiceo Nua sa bhliain 1947 nuair a thit úfó go talamh, deirtear, agus tógadh é chuig an mbunáit rúnda in Nevada, áit a bhfuil sé ó shin dar leis an muintir ar mór leo an teoiric.
“We will all meet up at the Area 51 Alien Center tourist attraction and coordinate our entry. If we naruto run, we can move faster than their bullets. Lets see them aliens.”
Sin atá scríofa ag Matty Roberts, an mac léinn as California a chruthaigh an ócáid, ach más magadh a bhí i gceist aige ag an tús, ní sin atá ann a thuilleadh.
Is cosúil go bhfuil an-éileamh ar lóistín sa cheantar máguaird do Dé hAoine 20 Meán Fómhair, an dáta atá beartaithe don rúid, agus tá rabhadh eisithe ag an aerfhórsa go fiú ina moltar go láidir do dhaoine gan iarracht a dhéanamh ruathar a thabhairt ar an láthair mhíleata.
Tá caint ar fhéile a reáchtáil faoin téama agus, ar a bharr sin, agus mar a bheifeá ag súil ó thír mhór na margaíochta agus na tráchtála, is féidir t-léinte agus earraí eile a bhaineann leis an lá a cheannach ar líne cheana féin trí nasc ar an leathanach Facebook.
Cibé dearcadh atá agat faoi na húfónna féin – agus níl le déanamh ach breathnú ar an iliomad tuairiscí sna meáin agus ó fhórsaí míleata a thabharfadh le fios nach bhfuil iomlán na fírinne ag an ngnáthphobal fós – tá rud amháin cinnte: tá muintir SAM an-mhaith ag an bhfuilibiliú go fóill!