Tá diúltaithe ag Conradh na Gaeilge ráiteas a chur ar fáil faoi fhíseán a rinne an eagraíocht teanga ar measadh é a bheith ‘maslach’ do Chaitlicigh. Dhiúltaigh an Conradh ráiteas a sholáthar do NÓS agus d’eagraíochtaí eile meán Gaeilge faoin bhfíseán a tharraing conspóid nuair a foilsíodh ar chuntais BLOC, ardán de chuid TG4 ar na meáin shóisialta, an mhí seo caite.
Tá beagnach 13,000 amharc an an bhfíseán ar Instagram agus na mílte eile ar na meáin eile shóisialta. Fágadh 350 trácht ar an bpostáil Instagram agus beagnach 250 trácht ar Twitter – tráchtanna ina tugadh droch-aiseolas a bhí ina bhformhór.
Ba é Conradh na Gaeilge a rinne an físeán ina bhfuil an pearsa meán sóisialta James Kavanagh le feiceáil agus Paidir an Tiarna á rá aige i stíl AMSR.
Lorg TG4 léirithe spéise an bhliain seo caite ó chomhlachtaí léirithe físeán le hábhar a sholáthar don ardán BLOC. Tuigtear do NÓS gur bheartaigh Conradh na Gaeilge feidhmiú mar theach léiriúcháin agus chuir isteach ar an gconradh le TG4. Tá socrú anois ann idir TG4 agus an Conradh go ndéanfaidh an Conradh méid áirithe físeán do BLOC.
Dhiúltaigh an Conradh aon ráiteas a dhéanamh faoin gconspóid a chothaigh a bhfíseán ar na meáin shóisialta ná faoi na líomhaintí a rinne go leor daoine go raibh an t-ábhar “maslach” do Chaitlicigh. D’iarr NÓS ráiteas ó oifigigh éagsúla de chuid na heagraíochta seacht n-uaire sular foilsíodh an t-alt seo.
Tuigtear do NÓS gur lorg eagraíochtaí eile sna meáin Ghaeilge ráitis agus eolas faoin bhfíseán agus faoin socrú idir TG4 agus Conradh na Gaeilge ach gur tugadh neamhaird ar na hiarratais sin freisin.
Lorg NÓS eolas faoin gconradh atá ag CnaG le TG4, faoi na físeáin a rinneadh go dtí seo agus a dhéanfar amach anseo, agus faoi na hacmhainní a chuireann an Conradh isteach i ndéantús na bhfíseán. Diúltaíodh freagra a thabhairt ar na ceisteanna sin freisin.
I ráiteas a cuireadh ar fáil do NÓS dúirt urlabhraí de chuid TG4 go “seasann TG4 leis an gcinneadh eagarthóireachta” an físeán a chur amach.
“Is branda é BLOC atá dírithe ar lucht féachana óg ar leith a bhfuil tóir acu ar ábhar neamhghnách, neamhrialta, neamhbhalbh ar líne. Is breá leo greann agus siamsaíocht spleodrach agus dána.
“Is físeán den stíl ASMR é seo agus níl mórán físeán ASMR Gaeilge ar fáil don lucht féachana agus is stíl físeáin a bhfuil mhór ag daoine iontu ar líne. Is duine bríomhar agus fuinniúil é James Kavanagh agus bíonn sé seo le feiceáil ina chuid físeán i gcónaí. Seasann TG4 leis an gcinneadh eagarthóireachta an t-ábhar seo a chraoladh ar ardáin BLOC,” a dúradh.
Ar dhuine de na daoine a cháin an físeán, bhí an ceoltóir óg Gaeltachta Máire Ní Churraoin, duine amháin den bhanna ceoil ‘An Chéad Ghlúin Eile’.
“Yo mar Chaitliceach óg in Éirinn, tá sé seo maslach. I sochaí a chraobhscaoileann an ‘meas’ agus ‘saoirse’ srl, ní féidir creideamh dream áirithe a mhaslú ar mhaithe leis an ngreann.
Ní gá duit aontú le dream le meas a bheith agat orthu. Fiú mar iar-Chaitliceach, agus an ceart sin agat, ní fhéadfá a rá go léirítear meas sa bhfíseán seo. Tá sé de cheart ag chuile dhuine nach ndéanfar scigmhagadh orthu ná ar a gcreideamh nó easpa creidimh fiú,” a dúirt Máire, as Ráth Chairn.
Scaipeadh an físeán ar ghréasáin éagsúla de chuid na heite deise ar líne agus ba dhaoine ó na gréasáin sin a rinne go leor den cháineadh, cé go raibh gnáthchainteoirí Gaeilge curtha amach faoin “dímheas” a léiríodh ar Chaitlicigh ann, dar leo.
Léiríodh tacaíocht don fhíseán freisin sna tráchtanna agus cáineadh ról na hEaglaise Caitlicí i sochaí na hÉireann. Bhí cuntais oifigiúla de chuid Chonradh na Gaeilge – leithéidí PEIG mar shampla – chomh maith le fostaithe de chuid na heagraíochta i measc na gcuntas a mhol físeán an Chonartha agus a chosain é. Ar dhuine de na daoine sin bhí Síomha Ní Ruairc atá ar dhuine de na daoine is mó a bhíonn ag plé le físeáin BLOC thar ceann Chonradh na Gaeilge.
“Honestly lads, have ye never seen Father Ted?” a d’fhiafraigh sí de lucht cáinte an fhíseáin.
Agus é ag freagairt na dteachtaireachtaí diúltacha a fágadh faoin bhfíseán ar Instagram, dúirt James Kavanagh, iar-ambasadóir de chuid Sheachtain na Gaeilge, i mBéarla:
“Guys, as someone who was raised Catholic, did my confirmation, communion, was an altar boy for three years – I don’t remember ever, even once, hearing doing an ASMR version of Our Father was a bad thing to do. Sounds like some of you have a problem with me specifically – which is fine. But let’s not over-embellish the situation. Sending love to you all.”