Cuireadh roinnt mhaith imeachtaí de chuid Sheachtain na Gaeilge ar ceal ag tús na féile mar gheall ar an Sneachta Mór a tháinig le Stoirm Emma oíche Dé Céadaoin. Cé go raibh díomá ar roinnt cainteoirí Gaeilge ar fud na hÉireann, thapaigh Glór na nGael an deis agus chuir ‘Comórtas Daoine Sneachta’ ar bun agus duais le bronnadh acu ar an teaghlach a chruthóidh an fear sneachta is fearr. Glacfar le grianghraif go dtí tráthnóna amárach agus fógrófar an buaiteoir Dé Luain ach go dtí sin, seo daoibh blaiseadh de na hiarratais a cuireadh faoi bhráid Ghlór na nGael go dtí seo!