Freagra Facebook ar Snapchat

Gach lá baineann 1.13 billiún duine úsáid as Facebook ach de réir a chéile tá úsáideoirí níos óige ag tréigean an ardáin agus ag dul i dtreo aipeanna ar nós Snapchat.

Tá a fhios seo go maith ag Facebook féin agus mar iarracht greim a choinneáil ar chuid de na daoine seo tá aip nua seolta acu atá dírithe ar an mhargadh faoi 21.

In ionad ráitis úra a scríobh, ligeann Lifestage duit físeáin a phostáil mar nuashonrú stádais agus ansin a roinnt le daoine atá ar scoil, coláiste nó ollscoil leat.

Is féidir eagarthóireacht agus íomhánna breise a chur leis na físeáin, ar nós Snapchat, agus buntáiste eile atá ag Lifestage thar Facebook ná nach mbeidh tuismitheoirí na n-úsáideoirí in ann an t-ábhar a fhoilsítear a fheiceáil.

Buairt amháin a bhíonn ar neart daoine óga faoi Facebook ná go bhfuil a ngaolta, tuismitheoirí san áireamh, ar an suíomh líonrú sóisialta chomh maith agus nach bhfuil an oiread príobháideachais acu ar an ardán is a bhíodh tráth.

Faoi láthair níl Lifestage ach ar fáil ar App Store SAM ach meastar go mbeidh teacht níos forleithne air má éiríonn go maith le tástálacha.

“Tá muid ag tástáil Lifestage anois,” arsa urlabhraí de chuid Facebook.

“Is aip leithleach aonair ó Facebook é a tógadh le haghaidh déagóirí ar suim leo ceangal lena gcomhghleacaithe ar scoil.

“Cuireann Lifestage ar a gcumas próifíl físeáin a chruthú a chuimsíonn na rudaí ar fad atá tábhachtach dóibh, na rudaí atá mar chuid dá bhféiniúlacht féin.”

Níl cuntas Facebook de dhíth chun logáil isteach ar Lifestage, ina ionad sin roghnaíonn úsáideoirí a scoil, cuireann siad a gcuid sonraí isteach agus nascann siad lena gcairde.

Beidh le feiceáil an mbeadh comhéadan Gaeilge ag an aip má, agus nuair, a sheolfar anseo é!

SCÉALTA EILE