Tá blag nua Gaeilge beo ar líne.
Ceathrar cairde de bhunadh na Gaillimhe atá taobh thiar de ‘Gaeilge le Glam’ a tháinig ar an fhód an tseachtain seo caite.
Dúirt Aisling Ní Chormaic, duine de bhunaitheoirí an tsuímh, go bhfuil “éagsúlacht ollmhór suimeanna” ag an cheathrar, ar múinteoirí meánscoile iad go léir, a rachaidh i bhfeidhm ar léitheoirí an bhlag.
“Ba mhaith linn a thaispeáint gur féidir na rudaí céanna a bhfuil blagálaithe eile ag díriú orthu, a dhéanamh trí mheán na Gaeilge,” arsa sí.
“Is fiú a rá nach saineolaithe muid ar aon rud atá luaite againn inár mblag. Is ár dtaithí phearsanta féin atá i gceist ach leis na suimeanna seo ar fad san áireamh is cinnte go gcabhróidh siad le forbairt fhoclóra ár gcuid léitheoirí.”
Mhínigh Aisling go mbíonn siad ar fad ag leanúint blagálaithe áirithe, amhail Marissa Carter agus Pippa O’Connor, agus mhothaigh siad go raibh “deis” ann blag den chineál céanna a dhéanamh i nGaeilge.
“Thug muid faoi deara go raibh deis ar leith anseo don Ghaeilge agus go bhfios dúinn níl aon bhlagálaí Gaeilge eile ag déanamh a leithéide.”
Ar na haidhmeanna is mó atá acu is mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn mar “theanga laethúil”.
Chomh maith leis sin ba mhaith leo go mbeadh an blag in úsáid mar ais foghlama ag daltaí scoile.
“Ba bhreá linn dá gcabhródh roinnt dár mblaganna le múinteoirí Gaeilge na tíre agus iad sa seomra ranga,” arsa Aisling.
Díríonn an blag ar réimse leathan d’ábhar idir aclaíocht, cheol, dhrámaíocht, bhia, smidiú, leabhair, thaisteal agus eile.
Ar na hailt ar an bhlag nua, tá cur síos ar Shíofra Ní Bhriain as Tuaim agus ar chailíní Chonamara Gearóidín De Bhailís, Roseann Uí Fhlatharta agus Aisling Ní Chormaic, bunaitheoirí agus blagadóirí rialta an tsuímh.
Tá alt ann a thugann léargas ar Ióga Bikram agus alt eile a chuireann síos ar ‘Tús an Aistir’.
Chomh maith leis an bhlag féin, tá sé tábhachtach ag ‘Gaeilge le Glam’ go mbeadh láithreacht acu ar Facebook, Snapchat agus Instagram chun tuilleadh daoine a tharraingt ina threo.
Go dtí seo, bhí ‘rogha feistis’, ‘Turas go hInis Mór’, grianghraif spreagúla daite agus comórtas i measc an ábhair ar na hardáin éagsúla.
“Níl mórán déagóirí sa tír nach bhfuil cuntas Facebook, Snapchat nó Instagram acu agus mar sin cheap muid go mbeadh muid níos rathúla dá mbeadh muid ag feidhmiú ar na hardáin sin chomh maith.”
Is féidir cuairt a thabhairt ar Gaeilge le Glam anseo.