Beidh an feachtas ar lÃne ‘Gaeiltober’ ar siúl arÃs an mhà seo chugainn, den dara bliain as a chéile, i ndiaidh do na céadta daoine páirt a ghlacadh ann anuraidh. Tá rialacha an fheachtais sách simplà — cuirtear teachtaireachtaà i nGaeilge amháin ar na hardáin éagsúla ar na meáin shóisialta ar feadh na mÃosa.
Is iad AilÃs NÃc Aoidh, a tháinig anÃos leis an smaoineamh anuraidh agus tá an Gael óg as TÃr Eoghain tar éis a fhógairt go bhfuil sé i gceist acu tabhairt faoin dúshlán arÃs i mbliana.
Ghlac os cionn 1,000 ‘Gaeilgeoir nua’ páirt i bhfeachtas na bliana seo caite, agus seoladh breis agus 4,500 giolc faoin haischlib #Gaeiltober ó 1,453 cuntas éagsúil.
Mheall #Gaeiltober 1,453 cuntas éagsúil agus de réir staitisticà a chuir an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri ar fáil do NÓS, ba ‘Ghaelghiolcairà nua’ iad 1,067 de na cuntais sin. Is é sin le rá, nach raibh 1,067 de na cuntais a bhà ag giolcaireacht i nGaeilge le linn mhà Dheireadh Fómhair ar bhunachar an Ollaimh roimhe seo — rud a thugann le fios gur ar éigean a labhair siad Gaeilge ar na meáin shóisialta roimhe seo.
Nà ar Twitter amháin atá #Gaeiltober dÃrithe, ach ar na hardáin uile agus táthar ag súil go dtiocfaidh borradh faoin nGaeilge ar leithéidà Instagram, TikTok agus Facebook i gcaitheamh na mÃosa seo chugainn.
Moltar do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ar lÃne an haischlib #Gaeiltober a chur lena dteachtaireachtaà ar na meáin shóisialta agus páirt a ghlacadh sa gcomhrá mór Gaeilge a bheidh ar siúl idir seo agus OÃche Shamhna.Â
D’éirigh chomh maith sin le #Gaeiltober na bliana seo caite gur spreagadh Gaeil na hAlban a leagan féin den fheachtas a thosú an mhà dar gcionn agus #Gaelvember a chur ar bun. NÃl aon chaint go fóill ar ‘Gaelvember 2020’.