Tá an focal #Gaeltacht ar na haischlibeanna is mó úsáid ar Twitter in Éirinn inniu, a bhuí le feachtas de chuid Údarás na Gaeltachta.
D’fhógair an tÚdarás le déanaí gurb é inniu, 25 Iúil, ‘Lá na Gaeltachta’ ar na meáin shóisialta agus é mar sprioc ag an bhfeachtas comhrá faoi na ceantair Ghaeltachta a spreagadh i measc an phobail mhóir.
Tá na mílte duine tar éis trácht a scríobh ar Twitter, Instagram agus Facebook ag úsáid na haischlibe #Gaeltacht agus ag pointe amháin tráthnóna inniu bhí sé ar an 8ú hábhar is mó a bhí faoi chaibidil ar Twitter in Éirinn.
Lá na Gaeltachta 2019 sona daoibh. Is aoibhinn linn cláir ón #Gaeltacht a chraoladh ar #TG4. Táimid ag súil go mór leis an dara sraith de #Bailte agus #Bádóirí a bheidh ag teacht go luath le @AniarTV Cén clár Gaeltachta ab fhearr leat? pic.twitter.com/QrYmVRGeRB
— TG4TV (@TG4TV) July 25, 2019
Tá daoine ag roinnt smaointe, cuimhní cinn agus grianghrafanna a bhaineann leis an nGaeltacht agus tá an deis á tapú chomh maith aird a dhíriú ar chuid na dúshláin atá roimh an teanga agus roimh phobal a labhartha sna croíthailte traidisiúnta.
Is i nGaeilge agus i mBéarla araon atá ábhar á fhoilsiú ar na hardáin éagsúla agus tá réimse leathan eagraíochtaí, gnólachtaí agus daoine aonair, in Éirinn agus thar lear, ag glacadh páirt san fheachtas.
Tá blaiseadh anseo de chuid den phlé atá ar siúl ar líne faoi láthair, léim isteach ann tú féin agus glac páirt sa lá!
Bíonn ceoltóirí againn as Gaeltachtaí ar fud na tíre achan bhliain, an aithníonn sibh na ceoltóirí seo ó fhéile na bliana seo? #Gaeltacht @UdarasnaG @EnaGaeltachta
— Féile na Gealaí (@FeilenaGealai) July 25, 2019
Pics @Cathalmacan pic.twitter.com/EtMKTgYCEm
Tá fadhbanna ollmhóra bonneagair sa Ghaeltacht. Tá siad seo ag teacht ó chuile thaobh – tithíocht agus pleanáil, córas taistil, leathan-bhanda, seirbhísí teanga sa chóras leighis, agus tacaíochtaí go leor eile atá
— Misneach (@MisneachAbu) July 25, 2019
riachtanach d’inmharthantacht pobail. #Gaeltacht
…agus ná déanaigí dearmad ar Ghaeltacht na nDéise! #LánaGaeltachta #Gaeltacht pic.twitter.com/TKa5nvYBN6
— Diarmaid Coffey (@TFaddy) July 25, 2019
An bhfuil tú ag tógáil do chlann le Gaeilge nó ar mhaith leat a leithéid a dhéanamh? An bhfuil páistí agat faoi 5 bhliana d’aois? Tá an Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh ar fáil ó Thuismitheoirí na Gaeltachta. Seol ríomhphost chuig teanga@tuismitheoiri.ie #Gaeltacht #LanaGaeltachta pic.twitter.com/Ydzoh3JyVc
— Tuismitheoirí na Gaeltachta (@tuismitheoiri) July 25, 2019