Giolc Gaeilge Gallagher – amhránaí Oasis ag Gaeilgeoireacht ar líne

Tharraing an ceoltóirí Liam Gallagher aird na nGael ar Twitter nuair a bheannaigh sé dóibh ag 05.05 maidin inniu. Dhá fhocal Gaeilge, ‘Maidin Mhaith’, a scríobh an ceoltóir, a bhain a cháil amach os cionn fiche bliain ó shin leis an mbanna clúiteach Oasis, dá 3,400,000 leantóir ar Twitter moch maidin inniu. 

Tá an cháil anois ar Liam a bheith ábhairín aisteach ar Twitter agus ráitis gan mórán céille iontu a scaoileadh dá chuid leantóirí. Ach tá sé de nós aige ‘Good morning’, nó leaganacha eile Béarla den bheannacht, a scríobh go réasúnta rialta ar an suíomh, agus inné ba le lucht labhartha na Spáinnise a bhí sé ag caint nuair a d’fhógair sé ‘Buenos Dias’ ar a lucht leanta. 

Éireannaigh a bhí i dtuismitheoirí an Ghallchóraigh, Peggy agus Thomas Gallagher, ach níor léirigh Liam ná a dheartháir Noel mórán spéise i dteanga a sinsear go dtí seo. 

Thapaigh lucht labhartha na Gaeilge ó thuaidh an deis giolc Gaelach an Ghallchóraigh a úsáid le spochadh as ceannaire an pháirtí Alliance, Naomi Long, a dúirt go raibh an Ghaeilge “conspóideach” an lá cheana. 

https://twitter.com/kat_ghirl/status/1301853253181808641
https://twitter.com/dinnycasey/status/1301845839128735745
https://twitter.com/dreamdearg/status/1301791800445800449
SCÉALTA EILE