Léirítear i staidéar nua atá déanta ag Match.com go gcaitheann daoine a bhaineann úsáid go minic as emoji ar théacsanna agus ar líne, go gcaitheann siad níos mó ama ag smaoineamh faoi ghnéas ná mar a chaitheann daoine nach mbacann leo.
Reáchtáil an suíomh cleamhnais an suirbhé le 5,600 Meiriceánach singil idir 18-70 bliain d’aois agus fuarthas gur úsáid 36-40% de na daoine a smaoinigh faoi chúrsaí collaíochta go minic i rith an lae níos mó ná emoji amháin i ngach teachtaireacht a chuir siad sa lá.
B’annamh a bhac daoine a mhaígh nach raibh cíocras gnéis ró-láidir acu le emoji ina gcuid teachtaireachtaí.
Bhí easpa úsáide iomlán an emoji coitianta i measc daoine nár smaoinigh faoi chúrsaí gnéas ach uair sa mhí.
Cé gur tharraing na rannpháirtithe ar réimse leathan emoji, is spéisiúil gur tháinig an caochadh súil dána sin chun tosaigh i measc 53% d’fhir agus de mhná a bhraith go raibh cíocras an-láidir gnéis acu agus iad ag smaoineamh faoi chollaíocht go mion minic i rith an lae.
Roghanna coitianta eile is ea é an meangaire agus an aghaidh phógúil i measc daoine drúisiúla (randy).
Léirigh an taighde chomh maith go raibh emoji na póige in úsáid níos mó i measc na bhfear i gcomparáid le mná – ag 30% in aghaidh 41%.
Dúirt 37% de na rannpháirtithe go mbíonn siad ag tarraingt ar emoji mar gurb fhusa mothúcháin a chur in iúl.
Anois cé amuigh ansin a chuireann níos mó na emoji amháin i ngach teachtaireacht? 😉