Sheol Coiste na bhFocal Nua an greamán deireanach ón bhfeachtas nua atá acu, #GuerillaGaeilge. Tá ceithre ghreamán anois foilsithe ag an gCoiste agus iad ag iarraidh airgead a bhailiú ó chainteoirí Gaeilge iad a chur i gcló sa gcaoi is go mbeifear in ann iad a chrochadh ar fud na tíre. An t-ábhar atái gceist le greamán an lae inniu ná An Mhaidin dár gCionn//The Morning After.
Tá beagán le cois seachtain fágtha le tacú leis an bhfeachtas bailithe airgid a thosaigh an Coiste thart ar sheachtain ó shin, agus iad ag iarraidh na mílte greamán dána a scaipeadh ar fud na hÉireann. Tar éis gur éirigh go han-mhaith le feachtas Choiste na bhFocal Nua #LearnOnTheLoo cúpla bliain ó shin, bheartaigh Urban Dictionary na Gaeilge feachas nua a thosú.
#GuerillaGaeilge is ainm don iarracht seo uathu focail nua-aimseartha (agus dána) a scaipeadh ar líne agus amuigh sa domhan féin. An rud atá i gceist leis ná comhráite dátheangacha a phléann ábhair a sheachnaítear uaireanta agus an Ghaeilge á múineadh.
Tá Gofundme tosaithe mar chuid den fheachtas a íocfaidh as na greamáin a chló agus táthar ag súil go gceannóidh daoine iad le scaipeadh ina gceantar féin.
Ní gan chonspóid a seoladh an feachtas nua seo, áfach, agus roinnt daoine den tuairim nár cheart do Choiste na bhFocal Nua a bheith ag “salú na Gaeilge” leis an téarmaíocht atá á cur chun cinn acu. Bhí raic ar na meáin shóisialta cúpla lá ó shin agus daoine ag freagairt an fheachtais.
“A leithéid de shalachar, cacamas, táir, graosta maslach agus gnéasaíoch. Slán agaibh, táim ‘mithe uaibh, má cheapann tú go bhfuil sin grinn. Unfollowing,” a dúirt de d’iar-leantóirí an Choiste, agus dúirt daoine eile go raibh sé “crude” agus nach mbeadh éinne ag caint mar sin, go háirithe daoine óga.
Tá €400 bailithe ag Coiste na bhFocal cheana féin agus súil acu é sin a mhéadú faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn.