Méadú 51% ar líon na gcuntas Twitter a bhíonn ag Tweetáil i nGaeilge ó 2015

Tá méadú as cuimse tagtha ar líon na gcuntas Twitter a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge gach seachtain ó bhí 2015 ann, de réir taighde nua a rinne an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil St Louis do NÓS. 

Chomh maith leis sin, tá méadú 31% tagtha ar líon na ngiolcacha i nGaeilge a sheoltar ar Twitter gach seachtain le trí bliana anuas. 

Seo an chéad uair le trí bliana anuas a rinneadh anailís mhór ar ghnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge ar Twitter, agus an dara huair a rinneadh a leithéid riamh. 

Sa bhliain 2017, bhíothas ag seoladh thart ar 8,500 giolc i nGaeilge gach seachtain, ach bíonn 11,100 teachtaireacht bheag as Gaeilge ar an suíomh anois, de réir thaighde Kevin. 

Trí bliana ó shin, bhí tuairim is 1,500 cuntas Twitter ann – idir chuntais phearsanta agus chuntais oifigiúla — ag giolcaireacht i nGaeilge. Tá 1,667 cuntas anois ann a sheolann ar a laghad teachtaireacht amháin i nGaeilge uair sa tseachtain, méadú 11%.

Mar sin féin, níl aon fhás tagtha ar an ‘gcroíphobal Gaeilge’ ar Twitter — daoine a labhraíonn an Ghaeilge go príomha agus go rialta ar an suíomh. Tá giolc amháin Gaeilge ar a laghad seolta ag 8,239 cuntas ó thús na bliana, ach ní hí an Ghaeilge an phríomhtheanga ag formhór na gcuntas sin. 

Tá 450 cuntas ann a bhí i mbun cumarsáide i nGaeilge den chuid is mó, is é sin cuntas a mbíonn 66.6% nó níos mó dá ngiolcacha i nGaeilge, go dtí seo i mbliana. Tá 117 de na cuntais sin a úsáideann an Ghaeilge ‘go rialta’, is é sin ar a laghad uair sa tseachtain. 

Nuair a bhaintear eagraíochtaí agus cumainn den liosta, níl fágtha ach 46 duine a úsáideann an Ghaeilge go príomha agus go rialta ar Twitter — seachtar níos mó ná mar a bhí trí bliana ó shin. 

Rinneadh anailís mar seo sa mbliain 2015 freisin, agus léiríonn figiúirí ón taighde sin go bhfuil ardú an-mhór tagtha ar an ngníomhaíocht Ghaeilge ar an suíomh le cúig bliana anuas. Ní raibh ach tuairim is 770 cuntas ag giolcaireacht i nGaeilge in 2015. Fágann sé sin gur fás 51% atá tagtha ar líon na gcuntas a bhíonn ag caint i nGaeilge gach seachtain in imeacht cúig bliana. 

In 2015, bhí tuairim is 6,000 giolc Gaeilge á seoladh gach seachtain ar Twitter. Is ionann an méadú go 11,100 in 2020 agus méadú 85%. 

Ó bunaíodh Twitter in 2006, tá giolc i nGaeilge seolta ag 14,113 cuntas éagsúil. Ba ó chuntas @aine a seoladh an chéad ghiolc Gaeilge, ar an 18 Nollaig 2006, agus áit aici dá bharr i stair na teanga sa chibearspás:


Seoladh an 2,000,000ú giolc ar an 22 Iúil 2017 ó Bhaile Átha Cliath.

Ba é Trevor Herbert, múinteoir agus scoláire Gaeilge i mBaile Átha Cliath, a sheol an 2,000,000ú giolc mar fhreagra ar phictiúr de chomhartha Gaeltachta a chuir Sorcha Ní Riain, as oirthear Chorcaí, suas ar an suíomh.

Ritheann Kevin Scannell an suíomh IndigenousTweets.com, a choinníonn cuntas ar ghiolcacha i mionteangacha ar fud an domhain. Tá an Ghaeilge sa chúigiú háit ar an liosta sin de mhionteangacha a mbítear ag giolcaireacht iontu, i ndiaidh Chriól Háití, an Bhreatnais, an Svahaílis, agus an Bhascais

SCÉALTA EILE