Na Giolcairí Gaeilge

Tá pobal Gaeilge gníomhach ar Twitter ach cé hiad na giolcairí is gníomhaí? Fiosraíonn Ciara Ní É an scéal.


Cruinníonn an suíomh Indigenous Tweets giolcacha dúchasacha ó áiteanna timpeall na cruinne.

Is é an tOllamh Kevin Scannell a chuir an suíomh le chéile.

Is iontach an léargas atá le baint amach ó na liostaí éagsúla ar an suíomh, gabh isteach ann!

Ar an leathanach baile féin, is féidir liosta na mionteangacha a scagadh de réir líon na n-úsáideoirí.

Tá ár dteanga bhinn féin sa 4ú háit ar an liosta sin, le 10,634 úsáideoir.

Na 3 theanga a thagann roimpi ná Bascais (17,052 úsáideoir), Criól Háítíoch (14,270 úsáideoir), agus Breatnais (14,267 úsáideoir).

Seo a leanas roinnt fíricí spéisiúla eile a fuaireamar.

An cuntas ag a bhfuil an líon is mó leantóirí a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge…

Le 406,000 leantóir, tá cuntas RTÉ chun tosaigh.

Cé gur mó leantóirí atá ag an gcraoltóir seirbhíse poiblí is beag am, 6% le bheith beacht faoi, a chaitheann siad le giolcaireacht na Gaeilge.

Sa dara háit tá cuntas Chumann Lúthchleas Gael, ag a bhfuil 303,000 leantóir. Eagraíocht Ghaelach í an CLG ar ndóigh ach ar an drochuair ní bhíonn ach 1% dá ngiolcacha i nGaeilge. EEEK!

Is iad giolcairí TG4 is fearr i bhfad ó thaobh líon na leantóirí agus oiread na ngiolcacha Gaeilge.

Bíonn stáisiún na Gaeilge, a bhfuil 30,000 leantóir aige ar Twitter, ag giolcaireacht i nGaeilge 63% den am.

An duine ag a bhfuil an líon is mó leantóirí a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge…

Tá 32,000 leantóir ag Phil MacGiollaBhain, scríbhneoir a bhfuil 0.5% dá ghiolcacha tar éis a bheith i nGaeilge.

Chun tosaigh air, tá an t-iriseoir Harry McGee, le 29,000 leantóir, agus 6.5% dá ghiolcacha i nGaeilge.

Na cuntais leis na giolcacha Gaeilge is mó.

An nuacht is déanaí ó Pharlaimint na hEorpa a bhíonn ar an gcuntas Twitter seo. Dar ndóigh ní cuntas pearsanta é, agus mar sin ní gá teangacha eile a úsáid agus is míniú é ar an gcúis go bhfuil líon na ngiolcacha Gaeilge chomh hard sin!

Cé nach mbíonn ach 6% de ghiolcacha ó phríomhchuntas RTÉ i nGaeilge, is deas a fheiceáil go mbíonn 98% de na giolcacha ó chuntas Nuacht RTÉ i nGaeilge.

Na Giolcairí Gaeilge is mó

Oisín Mór ag giolcaireacht leis i nGaeilge ó bhí 2009 ann, 96% den am i nGaeilge.

Fear mór giolcaireachta eile is é Aonghus Ó hAlmhain a bhfuil an líon is mó giolcacha Gaeilge curtha amach aige. Breis agus 82,000 giolc Gaeilge go dtí seo!

Go gairid ina dhiaidh tá Tuigim, , a bhfuil 81,000 giolc Gaeilge scríofa aici.

Sin díreach cuid den léargas atá ar fáil ó Indigenous Tweets.

Má tá tuilleadh uait, tabhair cuairt ar an suíomh agus téigh ag útamáil leis na cnaipí.

Mura féidir leat d’ainmse a aimsiú, tá bosca ar thaobh an tsuímh le tú féin a chlárú.

Ná déanaigí dearmad gurb é 21 Feabhra Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheanga – bígí ag giolcaireacht i nGaeilge! #IMLD17

SCÉALTA EILE