Thosaigh mé ag smaoineamh faoin náiriú idirlín le déanaí, agus mé ag obair ar chlár faisnéise ar an ábhar.
Tá go leor leibhéil éagsúla de ann.
Nuair a fheiceann úsáideoirí an idirlín rud nach n-aontaíonn muid leis, is minic a úsáidimid an náiriú poiblí le brú a chur ar dhaoine a n-iompar a athrú.
Tá sé feicthe againn ar fad.
Ar Twitter, mura bhfuil muid sásta le drochthuairim nó drochghníomh éigin, tagaimid le chéile agus cuirimid é sin in iúl lenár bhfreagraí agus ár n-athghiolcanna ar fad.
Is geall le gníomhachas é, agus uaireanta bíonn tionchar ag na sluaite ar cibé duine nó comhlacht a rinne an gníomh, agus braithimid cumhachtach.
Ach an féidir le hiompar den chineál sin dul thar fóir?
Bhuail mé le muintir Hynes, feirmeoirí déiríochta i gCorcaigh a mbíonn veigeáin agus grúpaí veigeáin á n-ionsaí ar líne mar chuid dá bhfeachtas in aghaidh tionscadail déiríochta.
Tá na feirmeoirí ciaptha ag tráchtanna maslacha faoi phostálacha a chuireann siad ar líne, pictiúir dá gclann san áireamh, agus faigheann siad tráchtanna príobháideacha gránna.
Meas tú an gceapann na veigeáin sin go bhfuil siad ag troid go cróga ar son na cúise, agus go bhfuil siad chun an domhan a athrú lena n-iompar?
Agus an ndéarfadh na veigeáin na rudaí leis na feirmeoirí i mbealach chomh neamhbhalbh mímhúinte dá mbuailfidís leo? Ní dóigh liom é. Ach ar líne, bímid níos géire ar dhaoine.
Is féidir le botún beag fás as cuimse ar líne freisin. Mar shampla, bhuail mé leis an teiripeoir scéimhe Mary O’Donnell, a bhí go mór i mbéal an phobail agus ar fud an idirlín cúpla bliain ó shin i bhfíseán a scaipeadh ina loisceadh sléibhe
Rinne sí mír smididh ar The Today Show ar RTÉ One, agus nuair a bhí línitheoir súl á chur ar an mainicín aici tháinig creath ina lámh.
Craoladh beo a bhí ann, mar sin chuaigh an mhír amach láithreach. Ba léir go ndearnadh botún, agus caithfidh go bhfaca an-chuid daoine é, agus b’fhéidir gur cheap siad greannmhar é. Is ansin a stopfadh an scéal, roimh theacht an idirlín.
Ach sa lá atá inniu ann maireann gach rud go síoraí ar líne. Míonna níos déanaí, d’fhéach bean éigin siar an an gclár agus roinn sí an mhír ar líne, agus í ag rá “let’s make this go viral”.
Agus leis sin chuir sí tús leis an eachtra ba mheasa i saol Mary O’Donnell. Bhreathnaigh na milliúin ar an bhfíseán, agus d’fhág go leor acu tráchtanna gránna, a d’ionsaigh gach rud faoi Mary idir a blas cainte agus an chuma atá uirthi.
Labhair Mary go hionraic liom faoi a bheith in umar na haimléise faoin scéal ag an am agus na drochsmaointe a rith léi.
Cá bhfuil ár gcomhbhá? Bhuel is dócha, cuid den chúis a thaitníonn sé le daoine féachaint ar fhíseáin mar sin ná go mbíonn faoiseamh orthu nár tharla sé dóibhsean. Cuimhnigh ar rud éigin náireach atá déanta agat. Samhlaigh dá mbeadh taifead de á scaipeadh go mear ar líne.
Chuir na scéalta is dáiríre a chlúdaigh mé don chlár faisnéise sceoin orm faoi chumhacht an idirlín saol duine a scriosadh.
Bhuail mé le beirt fhear éagsúla a ndearnadh caimiléireacht sextortion orthu, agus dúradh leo go mbeadh orthu suimeanna móra airgead a íoc ionas nach roinnfí físeán gáirsiúil díobh go poiblí.
Bheartaigh siad beirt a scéal a roinnt go poiblí. B’fhéidir os rud go raibh siad beirt singil, bhraith siad gurbh fhéidir leo na caimiléirí a throid, ach ní bheadh gach éinne chomh compordach céanna é a dhéanamh, agus eagla orthu go gcaillfidís a gclann nó a bpost. Is cinnte go bhfuil go leor daoine ag íoc airgead móir gach lá mar chuid de chamscéimeanna den tsórt sin.
Strainséirí ar líne ab ea iad na daoine a rith na scéimeanna sextortion sin, ach is féidir go bhfuil baol ann le daoine a bhfuil aithne phearsanta agat orthu freisin.
Labhair mé le bean a fuair amach le huafás lá amháin go raibh físeán di ar shuíomh porn ina raibh sí lomnocht, agus í ag luí le hiarbhuachaill léi.
Ní raibh a fhios aici gur tógadh an físeán fiú. Ansin anuas ar gach rud, d’fhoghlaim sí nach bhfuil revenge porn den tsórt sin mídhleathach in Éirinn go fiú.
Sular thaifead mé an clár, níor smaoinigh mé gur ‘náiriú poiblí’ a bhí ar siúl againn le roinnt dár n-iompar ar líne. Ach is ea.
Go minic cuireann na heachtraí sin brú uafásach ar an té ar a bhfuil siad dírithe agus sna cásanna is measa den náiriú ar líne, d’fhéadfadh sé críochnú le daoine ag cur lámh ina mbás féin.
B’fhéidir go bhfaca tú féin físeán ar leith a scaipeadh go mear an tseachtain seo caite, ina raibh beirt nocht in áit phoiblí.
Rinneadh iarracht é a thaispeáint dom ach níor theastaigh uaim féachaint air. Tar éis dom bualadh le rannpháirtithe éagsúla an chláir seo chuir sé samhnas orm, agus mé ag smaoineamh faoin mbeirt a fheictear ann.
Chuirfeadh sé ag smaoineamh thú faoi thoiliú agus conas a rachaimid i ngleic le cásanna mar sin amach anseo.
Cé a rinne é a scannánú? Anois go bhfuil ceamara i lámh gach duine an t-am uilig, an ionann sin is a rá gur gá dúinn gach rud a thaifead?
Tá go leor ceisteanna agam ar an ábhar seo, agus déanaim iarracht iad a ríomh sa chlár. Tá súil agam go dtugann sé léargas nua daoibh.
Beidh Tabú: Náire ar TG4 amárach 12 Nollaig ag 21:30