Is minic go mbíonn sé ar chaighdeán íseal agus nach mbíonn aon fhuaim leis, ach níl aon dabht faoi, tá cion ag úsáideoirí an Idirlín ar an GIF umhal.
D’fhéadfadh rud ar bith faoin spéir a bheith i gceist leis; crann ag titim, Homer Simpson ag rá abairte, Michael Jackson ag ithe grán rósta.
Mar aon le MS Paint, ní hé an GIF is snasta, ach tá ról aige, agus comhlíonann sé go maith é. Leis an GIF dírítear ar mhionrud amháin.
Tá glacadh anois leis an GIF mar fhreagra gasta ar fheidhmchlár ar bith, nach mór. Bíonn sásamh mór i gceist leis an GIF cuí a aimsiú, a léiríonn do mhothúchán go beacht.
Is féidir rud a chur in iúl le GIF gan é a rá glan amach. Mar shampla, d’fhéadfadh bean an GIF seo a sheoladh mar fhreagra ar Tweet Gaeilge de chuid Hozier.
Níl ann ach eas!
An-chuid den am úsáidtear GIFeanna le bheith greannmhar. Dá áiféisí is atá an ceangal idir cibé ábhar aisteach atá sa GIF agus an t-ábhar atá á phlé is é is fearr é.
Dar ndóigh tá na Gaeil tosaithe cheana féin ag cumadh GIFeanna.
Seo cúpla sampla a chonaic mé:
Is é an #PeigKlaxon Dlí Godwin na Gaeilge. pic.twitter.com/c1t6pu62ry
— Osgur Ó Ciardha (@OsgurOCiardha) 10 Meán Fómhair 2016
— 🎻 Seaġan 🎸 (@SeaghanSionnach) 28 Eanáir 2018
Nár dheas cur lena bhfuil ann, le go mbeadh stór mór GIFeanna Gaeilge againn?
Cad faoi GIF a chruthú tú fhéin? Aimsigh físeán ar YouTube, téigh go GIFS.com, agus lean na treoracha simplí atá acu.
Seo cúpla sampla de chineálacha GIF go bhféadfá a dhéanamh:
Aimsigh nath cainte Gaeilge
Beidh siad úsáideach mar fhreagraí! D’fhéadfá nath ar bith a aimsiú agus a ghearradh amach. Seo ceann a chruthaigh mé de MTS ag rá “maith go leor”.
Níos Gaelaí
Más maith leat nath cainte idirlín ar leith, cad faoi GIF dúchasach a chruthú de? Seo mo leagan Gaelaithe de “sliding into your DMs”, déanta as físeán den damhsóir iontach Sibéal Davitt!
Cuir Gaeilge air
Ní gá go mbeadh an bunfhíseán i nGaeilge. Mar shampla, le GIF an easa a fhorbairt.
Le fotheidil nua a chur ar GIF a bhí ann cheana, is gá bun-GIF a íoslódáil agus a uaslódáil in athuair ar GIFS.com.
Má chruthaíonn tú GIF nua, le do thoil cuir clib ormsa @MiseCiara, ar NÓS, @nosmag, agus bain úsáid as an haischlib #gaelgif!
Beidh mé ag súil go mór leis na GIFeanna is fearr a chruinniú le chéile agus a chur amach ar NÓS i gceann coicíse!
Dála an scéil, má tá tú ag léamh an ailt seo agus GIF á fhuaimniú agat le “G” bog (mar “JIF”), tá tú sa mhionlach. Dar leis an Oxford Dictionary, a roghnaigh GIF mar fhocal na bliana in 2012, is le “G” crua a úsáidtear é go forleathan, is dócha toisc go seasann GIF do Graphics Interchange Format.
Ach is le “G” bog a deir Steve Wilhite, an fear a chum is a cheap an GIF, é. Mar sin abair do rogha ruda!