Rang nua ceardaíochta le Gearóidín McEvoy ar Instagram NÓS

Tá áthas ar NÓS a fhógairt go mbeidh Gearóidín McEvoy i mbun ranganna ceardaíochta beo ar scéalta Instagram NÓS. Cuirfidh Gearóidín tús leis an tsraith nua, ina múinfidh sí dúinn cén chaoi fuáil agus cniotáil, Déardaoin ag 17.30.

Masc aghaidhe an chéad rud a dhéanfaidh Gearóidín sa rang, a bheidh ar fáil ar leathanach Instagram NÓS i ndiaidh an tseisiúin bheo do dhaoine nach féidir a bheith ann ag 17.30.

https://twitter.com/GaRoDean/status/1320074619387301894

“Tá mé chun tosú le masc a fuáil, agus beidh mé ag déanamh roinnt tionscadal eile, ag múineadh na cniotála, agus ag cruthú rudaí deasa – maisiúcháin Nollag, mar shampla. 

“Beidh cúpla rud ag teastáil ó dhuine atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa rang: Éadach nádúrtha, 100% cádás nó mar sin. Go minic bíonn seanbhraillín togha – féach ar an lipéad! Beidh siosúr, snáth agus leaistic ag teastáil uait freisin. Cabhróidh inneall fuála freisin, ach is féidir lámhfhuáil freisin mura bhfuil ceann agat,” a dúirt Gearóidín.

Bí linn, mar sin, tráthnóna Déardaoin ag 17.30 ar ár leathanach Instagram don chéad rang le Gearóidín!

SCÉALTA EILE