#saoltríGhaeilge agus iontais eile an tsaoil ar líne

TikTok na Seachtaine

Is damhsóir Gaelach í Morgan Elizabeth as Virginia i Meiriceá atá ag traenáil leis an Baffa Academy. Cuireann sí físeáin di féin ag damhsa le rithim ceolta nua aimseartha, ar nós athmheascán, agus bhí formhór mhuintir na hÉireann an-tógtha leis. Tá mé féin ag iarraidh buillí bróga troma a choisteáil leis na hamhráin uilig ar an raidió anois. 

Cuntas Insta na Seachtaine

https://www.instagram.com/p/B_YLCnxlAZO/

Bíonn Moya ag cruthú éadaí agus ag cuir faisean inbhuanaithe chun cinn ar a cuntas Instagram. Fosta, bíonn sí ag cruthú feistis don teilifís agus di féin. Le gairid bhí Moya ar scéalta Instagram BLOC TG4 ag cruthú dathúchán nádúrtha d’éadaí as spíosraí, bláthanna agus bia, leag súil ar a cuntas agus b’fhéidir go spreagfaidh sí thú!

Clár teilifíse na Seachtaine

Bhí clár ag an bhfile Ciara Ní É ar TG4 an tseachtain seo, #SaolTríGhaeilge, ina raibh sí ag fiosrú staid na Gaeilge taobh amuigh de na ceantair aitheanta Ghaeltachta in Éirinn, a turas féin leis an Ghaeilge agus cén dóigh a bhfuil muintir na tíre seo ag feidhmiú go laethúil trí mheán na Gaeilge. Chuir sé cumha orm an oiread daoine a fheiceáil ar an teilifís nach bhfaca mé le traidhfil míonna anuas, ach bhí clár ar dóigh curtha le chéile ag Ciara agus ag foireann AniarTV. Is féidir amharc air ar sheinnteoir TG4.

Seo cuid de na rudaí a bhí le rá ag Twitter na nGael:

Giolc na Seachtaine

Rugadh mac do Grimes agus Elon Musk an tseachtain seo, agus níl iontas ar bith, le beirt atá chomh coimhthíoch leo, go mbeadh ainm suimiúil ar an leanbh. Ní raibh aon duine ag dúil leis an phrácás de litreacha agus uimhreacha a tháinig amach in áit ainm… bhuel, traidisiúnta. Seo an míniú a bhí ag an lánúin:

Scanrúil. Bhí go leor ag Twitter le rá faoi sin, ar ndóigh, ach le dioscúrsa faoi ainmneacha Gaeilge chomh forleathan agus, bhuel, bearránach agus dímhúinte, seo giolc na seachtaine i mo thuairimse:

Leag súil ar:

Tá comórtas ag Raidió na Gaeltachta leis an Ghaeltacht is aclaí in Éirinn a aimsiú, faoi bhrat Údarás na Gaeltachta agus na pleanála teanga. Gabh amach ag siúl nó ag rith (i do réimse 5k!) agus seol do chuid torthaí isteach chuig d’oifig pleanála teanga. Tá súil agam nach bhfuil Gaeltacht Iar-Thuaisceart Dhún na nGall ag brath ormsa, tá mé go fóill scriosta ón ainmniúchán 5k a fuair mé ó mo chara ar Instagram coicís ó shin. 

SCÉALTA EILE