Seasann TG4 lena chinneadh ábhar ‘maslach’ a chraoladh ar BLOC

Seasann TG4 leis an “gcinneadh eagarthóireachta” físeán a tharraing go leor cainte a chraoladh ar ardán digiteach an stáisiúin do dhaoine óga BLOC. Foilsíodh físeán ina bhfuil an pearsa meán sóisialta James Kavanagh le feiceáil agus Paidir an Tiarna á rá aige i stíl AMSR.

https://twitter.com/BLOCTG4/status/1394714400297209858

Tá beagnach 12,000 amharc ag an bhfíseán ar Instagram agus tharraing sé go leor airde at Twitter freisin. Fágadh os cionn 317 trácht ar an bpostáil Instagram agus cionn 200 ar an bpostáil Twitter – tráchtanna ina dtugadh droch-aiseolas a bhí ina bhformhór.

Ar dhuine de na daoine a cháin an físeán, bhí an ceoltóir óg Gaeltachta Máire Ní Churraoin, duine amháin den bhanna ceoil ‘An Chéad Ghlúin Eile’.

“Yo mar Chaitliceach óg in Éirinn, tá sé seo maslach. I sochaí a chraobhscaoileann an ‘meas’ agus ‘saoirse’ srl, ní féidir creideamh dream áirithe a mhaslú ar mhaithe leis an ngreann.

“Ní gá duit aontú le dream le meas a bheith agat orthu. Fiú mar iar-Chaitliceach, agus an ceart sin agat, ní fhéadfá a rá go léirítear meas sa bhfíseán seo. Tá sé de cheart ag chuile dhuine nach ndéanfar scigmhagadh orthu ná ar a gcreideamh nó easpa creidimh fiú,” a dúirt Máire, as Ráth Chairn.

Agus é ag freagairt na dteachtaireachtaí diúltacha a fágadh faoin bhfíseán ar Instagram, dúirt James Kavanagh, iar-ambasadóir de chuid Sheachtain na Gaeilge, i mBéarla:

“Guys, as someone who was raised Catholic, did my confirmation, communion, was an altar boy for three years – I don’t remember ever, even once, hearing doing an ASMR version of Our Father was a bad thing to do. Sounds like some of you have a problem with me specifically – which is fine. But let’s not over-embellish the situation. Sending love to you all.”

I ráiteas a cuireadh ar fáil do NÓS dúirt urlabhraí de chuid TG4 go “seasann TG4 leis an gcinneadh eagarthóireachta” an físeán a chur amach.

“Is branda é BLOC atá dírithe ar lucht féachana óg ar leith a bhfuil tóir acu ar ábhar neamhghnách, neamhrialta, neamhbhalbh ar líne. Is breá leo greann agus siamsaíocht spleodrach agus dána.

“Is físeán den stíl ASMR é seo agus níl mórán físeán ASMR Gaeilge ar fáil don lucht féachana agus is stíl físeáin a bhfuil suim mhór ag daoine iontu ar líne. Is duine bríomhar agus fuinniúil é James Kavanagh agus bíonn sé seo le feiceáil ina chuid físeán i gcónaí. Seasann TG4 leis an gcinneadh eagarthóireachta an t-ábhar seo a chraoladh ar ardáin BLOC,” a dúradh.

Léiríodh tacaíocht don fhíseán freisin sna tráchtanna agus cáineadh ról na hEaglaise Caitlicí i sochaí na hÉireann.

Tá conradh ag an eagraíocht teanga Conradh na Gaeilge le TG4 físeáin a sholáthar d’ardáin BLOC. Dheimhnigh urlabhraí ó TG4 do NÓS go ndearna Conradh na Gaeilge an físeán seo le James Kavanagh faoin gconradh sin.

I dtrácht a d’fhág sí faoin bhfíseán, chuir Síomha Ní Ruairc, comhordaitheoir tionscadail Chonradh na Gaeilge agus duine de na daoine a bhíonn ag plé le físeáin BLOC, chuir sí an físeán i gcomparáid le clár aoire a craoladh ar Channel 4 sna 1990idí.

“Honestly lads, have ye never seen Father Ted?” a d’fhiafraigh sí de lucht cáinte an fhíseáin.

D’iarr NÓS ráiteas ar Chonradh na Gaeilge faoin scéal ach níor cuireadh ceann ar fáil.

SCÉALTA EILE