Tá ar gcolúnaí Siún Ní Dhuinn ag tógáil sosa ó na meáin shóisialta ó thús na bliana. Pléann sí san alt seo conas atá ag éirí léi.
717; 1,882; 913; 614; 125; líon leantóirí atá agam thar ardáin éagsúla an idirlín.
Sin 4,251 duine, a bhformhór nach bhfuil aithne súil agam orthu fiú.
Ar an gcéad lá de mhí Eanáir, ghlan mé Facebook, Twitter, Instagram, Pinterest agus Snapchat ó m’fhón póca.
Ba chéim mhór í sin domsa.
Céim mhór í do dhuine a d’fhéadfadh cúpla uair an chloig in aghaidh an lae a chaitheamh ag caint, ag argóint agus ag plé chúrsaí an tsaoil ar líne gan aon stró.
Ní raibh taithí dhiúltach agam ar na meáin shóisialta, mar a bhíonn ag cuid, ach a mhalairt.
Bhain mé idir thaitneamh agus thairbhe as cumarsáid láithreach, fhuinniúil a dhéanamh le strainséirí go háirithe ar Twitter, rud atá aisteach nuair a chuireann tú ar pár é.
Ba chosúil gur cairde liom iad.
Bheadh siad ag labhairt liom go minic, roinn muid spéiseanna a chéile agus chuaigh siad go mór i bhfeidhm orm.
Bhuail mé le cuid acu lasmuigh de shaol na meán sóisialta le haghaidh caife agus tá cara nó dhó nua agam dá bharr, ach seachas an duine nó beirt sin, dá bhfreagróinn go hionraic, cé mhéad acu a bheadh ar fáil dom amárach dá dtarlódh tubaiste i mo theaghlach, dá mbrisfí as mo phost mé, nó dá gclisfí ar mo chaidreamh le mo bhuachaill?
Bheadh eagla orm roimh an bhfreagra.
Tá coicís caite agam gan sruth laethúil de ghrianghraif de Kim Kardashian West agus a deirfiúracha agus pé táirge atá á dhíol acu, ní fhaca mé aon ghrianghraf de bhainiseacha daoine a raibh mé ar scoil leo, agus tá mé cinnte go bhfuil caillte amach agam ar fhógra gealltanais nó dhó ó shin freisin.
Ó d’éirigh mé as na hardáin éagsúla shóisialta, tá breis ama agam.
Bím díomhaoin.
Bhí dearmad déanta agam ar cad is ciall le ‘spás’ agus luach an ama seo.
Tá cúpla rud nua tosaithe agam freisin a thugann sólás dom nuair nach féidir liom an troid is déanaí a leanúint ar Twitter idir Gaeilgeoirí faoin Ghaeilge.
Ag eascairt as alt Chiarán Mhic Fhearghusa ar an aireachas, d’íoslódáil mé Headspace, aip a threoraíonn mé trí mhachnamh laethúil.
Tá tairbhe á baint agam as sealanna a chaitheamh ag díriú ar fheidhmiú nádúrtha mo choirp, an t-análú rithimeach agus na dúshláin a bhaineann le meon oscailte síochánta a chothú.
Thosaigh mé ag éisteacht le podchraoladh nua atá ag Lena Dunham, scríbhneoir Girls.
Sa cheathrú eagrán de Women of the Hour, a dhíríonn ar chúrsaí oibre, cuireann Dunham an t-údar Zadie Smith faoi agallamh.
Pléitear na nósanna atá ag Smith díriú ar a cuid scríbhneoireachta, go príomha.
Maíonn Smith go bhfuair sí réidh lena fón cliste agus go bhfuil bac curtha aici féin dul in aice leis na meáin shóisialta agus í ag obair ar a ríomhaire.
Deir sí gur ghníomh ‘leithliseach’ a bhí sa mhéid a rinne sí mar go raibh sí ag iarraidh níos mó ama a chaitheamh ag scríobh ach go mbíodh sí ar seachráin éagsúla a mhairfeadh ceithre huaire an chloig go minic, nuair a thosódh sí ag fiosrú scéalta Beyoncé ar Google.
Cé gurb í Taylor Swift a roghnaím féin, thuig mé do Smith, bhí amhlaidh déanta agam féin, mo náire.
Cothaíonn na haistir Google seo faoi Taylor Swift nó a macasamhail – cé go bhfuil a fhios againn ar fad nach bhfuil a macasamhail ann – comparáid dhosheachanta.
Go fochoinsiasach, tá íomhánna nach grianghraif iad cuid acu a thuilleadh, ach cartúin, á sú isteach againn agus á gcur i gcomparáid lenár gcoirp, ár saoil agus ár sonas féin.
Bhíodh sé de nós agam nuacht an lae agus anailís a fháil go minic ó Twitter, léifinn ailt thuairimíochta ar na scéalta móra ó naisc a chuirfí os mo chomhair.
Cheap mé go gcaillfinn amach ar eolas a theastódh uaim, a shaibhreodh mo thuairimí féin ach anois téim ar lorg eolais atá uaim agus níl tuairimí daoine eile á sú isteach agam ar an mbealach.
Ba dhuine mé ar thaitin léitheoireacht leo i gcónaí ach thug mé faoi deara gur minic a bhínn ag tabhairt sracfhéachana ar aistí a theastaigh uaim a léamh i gceart, ceal ama, mar go raibh aipeanna eile ag tabhairt foláirimh dom go raibh sé in am agam mo chuid ama a mheilt leo siúd.
Creidim fós go bhfuil an-luach ar na meáin shóisialta go háirithe maidir le gníomhachas sóisialta, cuirim i gcás #hometovote a bhain deora asam aimsir an reifrinn ar chomhionannas pósta, agus #blacklivesmatter a bhain deora de chineál eile ar fad asam maidir le ciníochas i SAM.
Measaim freisin go bhfuil an pobal le #Gaeilge ar na meáin shóisialta ag treisiú na teanga as a stuaim féin, ag cur go mór le hiarrachtaí an Ghaeilge a normalú mar theanga chumarsáide, chomhaimseartha agus, in amanna, chonspóideach.
Aithním go bhfuil pointe claochlaithe sroichte againn agus cé gur mhaith liom páirt a ghlacadh sa chaint, sa chomhrá agus sa chraic ar líne, tá an sos ag caitheamh solais an athuair ar an saol lasmuigh agus a luachmhaire agus atá na daoine atá ann, agus a bheidh ann.