Súil dhigiteach siar ar #OnaS15

Tá na seastáin bainte anuas agus na cainteanna tugtha, tá na foclóirí agus na hacmhainní seolta, tá an sparán folamh agus an phóit le ruaigeadh, tá na crúba tinn leis an rince agus na scornacha caite ag an gcaint. Tá tús tagtha, mar sin, le tórramh an Oireachtais.

Murar cuimhin leat cad a tharla, tá Mícheál Johnny (@momeachair) tar éis corpas-anailís a dhéanamh dúinn ar an gcaint ar fad faoi Oireachtas na Samhna (#OnaS15) a tharla ar Twitter le roinnt laethanta anuas. Beidh duaiseanna deireanacha an Oireachtais á mbronnadh ar Phobal Twitter na Gaeilge thíos!


Úsáideadh an haischlib #OnaS15 3085 uair agus beidh na torthaí thíos bunaithe ar chuile tweet poiblí a raibh an haischlib sin ann.

Agus na tweetanna sin bailithe den idirlíon, bhí nach mór 100,000 focal sa mhionchorpas agus Pobal na Gaeilge ag úsáid 30 focal ar an meán i ngach aon tweet.

Seoladh 1839 pictiúr leis an haischlib #OnaS15 le linn an Oireachtais.

Ba iad an Déardaoin agus an Aoine na laethanta is gníomhaí ag na ceamaraí, dar ndóigh.

Troid na nAirí Gaeltachta

Maith nó olc, rinneadh 35 trácht ar Éamon Ó Cuív sa mhionchorpas tweetanna agus ní dhearnadh ach 32 trácht ann do Joe McHugh. Ní mór an difear é, ach is bua bua!

Na cabairí is caintí ag #OnaS15

B’iad na heagraíochtaí Gaeilge agus na craoltóirí is mó a d’úsáid an haischlib #OnaS15 agus iad ag tweetáil, ach is iad seo an deichniúr is mó tweetáil a bhí sna sála orthu ag caint faoi #OnaS15:

1. @CabriniD (119 tweet Déiseach)

2. @ReadoutSignpost (99 tweet léite os ard)

3. @MiseAine (95 tweet leis an mblagálaí dílis) 

4. @mairtintaidhg (85 tweet ó Oide an Oileáin Úir)

5. @bisonasasta (80 tweet sona sásta) 

6. @maitiuocoimin* (69 tweet ag cur do thuairisce)

7. @ronanbeo* (57 tweet craiceáilte) 

*tuigtear dúinn gur ag obair sna meáin atá na boic bhreátha chainteacha seo, ach is iad féin amháin a bhí sa diallait ag tweetáil leo go tréan!

8. @caoimhechats (42 tweet cainteach leis an bhfísbhlagálaí)

9. @miseciara (37 tweet fileata reaca Reic) 

10. @edep6 (30 tweet ealaíonta ón Deisceart)

Maith sibh! Seolfar ar aghaidh chuig Craobhchomórtas Idirnáisiúnta na dTweetálaithe sibh!

Cuireadh imreoir amháin den pháirc le linn an chluiche seo, is é sin @RTIreland (111 tweet #OnaS15) nuair ba léir dom go raibh an t-ábhar céanna i ngach aon tweet. Táimid cinnte gur amhrán breá é, a chara, ach chualamar an chéad uair é!


Tá na hainmfhocail níos tábhachtaí ná na briathra

Is dócha go ndúirt do mhúinteoir, an Máistir Dian Mac Múinteoireachta, leat gur chóir duit chuile abairt a thosnú le briathar.

Ní hamhlaidh an cás agus tweetanna á seoladh ag Pobal na Gaeilge.

Bhí fíor-fíorbheagán briathra in úsáid againn i gcomparáid le gnáthphíosa scríbhneoireachta, agus bhí cion na n-ainmfhocal i bhfad ní b’airde ná mar a bhíonn de ghnáth.

Is nod don eolach é seo gur ag díriú ar na focail is luachmhaire ó thaobh brí atáimid agus sinn ag labhairt ar an mbealach seo, agus go bhfuil an teanga dá cur féin in oiriúint go maith do theicneolaíochtaí ar líne leis.

#BeathaTeangaÍaLabhairt

Nuair a d’úsáideamar briathar in aimsir ar bith, ba san aimsir láithreach ba mhó a bhíomar ag tweetáil.

Bhí sí in úsáid tuairim is 10 n-uaire níos minice ná aon aimsir eile againn.

Ag caint ar athruithe, fás agus forbairt na teanga, seo roinnt de na focail Ghaeilge a bhí sa chorpas agus nach raibh in aon cheann de na foclóirí nuasheolta (go fóill!): “wúúúúúú”, “wúhú”, “BÚM!”, “féinín” agus “Teicneochéilí”.


Patrúin Focal N-Gram

Is éard is N-gram ann ná téarma teicniúil a úsáidtear sa ríomhtheangeolaíocht, anailís go bunúsach ar phatrún focail as a chéile agus an patrún céanna in úsáid go rialta.

Is é ceann de na struchtúir 3-gram (3 fhocal ag teacht i ndiaidh a chéile) is suntasaí a tháinig chun solais ná: “á dhéanamh ag”.

Is cosúil go raibh Pobal na Gaeilge ag éisteacht go géar agus ag iarraidh a gcuid cairde a choimeád ar an eolas agus “Tagairt / Trácht / Cur síos / Comparáid á dhéanamh ag [duine]” ar rud éigin fíorspéisiúil agus nuálaíoch ag seimineáir Oireachtas na Samhna 2015.

3-gram eile a tháinig chun cinn ná “Corn / Chorn Uí Riada”.

Ba mhó an chaint faoi Chorn Uí Riada ná aon chomórtas eile agus an corn luaite in 76 tweet ag Pobal Twitter na Gaeilge. Go deimhin bhíothas, cúpla duine, ag baint úsáide as #CornUíRiada leis.

Ní fada uaidh an chaint ar dhamhsa ar an sean-nós, agus 63 tagairt dó sna tweetanna a bailíodh.

Ag caint ar dhamhsa, nó rince, dúinn, úsáideadh an focal “damhsa” cúig huaire níos minice ná an focal “rince”.

Caithfidh sé go raibh na Muimhnigh róghnóthach ag rince le tweetanna a sheoladh faoi!


Cé acu tweet is mó atweetáil?

Is le @Rith_Gaeilge an gradam seo as an tweet thíos agus é atweetáilte 22 uair! Cúis iontach is ea é; tá súil agam go ndéanfar tuilleadh atweetála air.


An haischlib is mó úsáid

Seachas #OnaS15 féin, bhí neart haischlibeanna eile á gcruthú. Bhí na cinn a mbeifeá ag súil leo ann: “#Gaeilge”, “#Oireachtas”, agus “#CornUíRiada” mar a luas cheana.

Measaimse go bhfuil duais tuillte ag na cinn shona spraíúla seo, “#arbís” agus “#spraoi”.

Cé nár úsáideadh ach uair amháin é, tá an cnáiscín bainte ag ceann de na haischlibeanna is íorónta dá bhfaca mé le fada, “#NoBearla” [sic.]. Is maith an smaoineamh é, is dócha, ach tá an cur chuige lochtach.

Sin mo chuidse. Más rud é gur thugabhar aon haischlib spéisiúil eile faoi deara le linn an Oireachtais, nó má tá róbóchuntas eile cosúil le @RTIreland ag bradaíl leis, roinnigí an scéal linn ar Twitter!

Go mbeirimid beo ar an am seo arís ag #OnaS16.


Tá Mícheál Johnny ag déanamh PhD sa réimse seo (teangeolaíocht chorpais) faoi láthair le CLCS i gColáiste na Tríonóide. 

 

SCÉALTA EILE