Bhí mé thar a bheith gnóthach inniu agus mé ag treabhadh na hordóige trí gharrantaí éigríochta Instagram. Tá sraith ag BLOC TG4 thuas ann faoi láthair darb ainm ‘Abair nó Ól’ ina gcuireann duine ceist a dtarraingeodh a freagra náire ar dhuine eile agus caithfidh siad an cheist a fhreagairt nó deoch a ól. (Ar mhaith liom mé féin a náiriú ar an idirlíon nó deoch a ól? Hmm, sin ceann deacair).
Ar aon chuma tháinig ceann aníos ar mo Instagram féin agus is í an cheist a cuireadh ná “an ndearna tú caimiléireacht riamh?”. Is é an freagra a thug an fear ná go ndearna sé corrscrúdú inar bhreathnaigh sé anonn ar pháipéir daoine eile agus thuigfeá gurbh in é an freagra a thug sé mar gheall ar an gceist a cuireadh, ach thosaigh an bhean ag gáire agus ag rá nach in é an cineál caimiléireachta a bhí i gceist aici ar chor ar bith ach gur ag caint ar chúrsaí caidrimh a bhí sí.
Anois ní ag fáil locht ar BLOC atá mé. Tá siad ag cur ábhar lán-Ghaeilge os comhair go leor daoine taobh amuigh de shaol na Gaeilge, a bhfuil fotheidil air agus a chuireann na meáin Ghaeilge ar fáil do phobal níos mó ná na cainteoirí líofa amháin. Tá cairde agam féin a dhéanann físeáin do BLOC agus mar a deir an seanfhocal ‘Cá bhfios cé a bheidh ina rí ar Éirinn?’ – ní bheadh a fhios agat nach mbeinn féin thuas air lá éicint.
Ach siod fadhb a fheicim go minic le físeáin Bhloc (Bhloc? Bhloic? Cé acu is cirte meastú?). Is éard a bhí i gceist ag an mbean sin a rá ná “an ndeachaigh tú i mbradaíl riamh?”. Ansin ní bheadh aon chaint ar scrúduithe. Ach shílfeá go scríobhtar rudaí i mBéarla agus go n-aistrítear go Gaeilge iad agus go dtarlaíonn an “tá mé tobar effect”. (Focal Béarla i m’abairt féin! Chac tú ar do chuid uibheacha ansin, a Dhomhnaill!).
Mar a deir mé is mó maitheasa atá BLOC a dhéanamh ná dochar ach tá an Béarlachas á chur amach ar na meáin faoi bhranda na Gaeilge. Ó tharla go bhfuil fotheidil ar na físeáin, ní thuigim cén fáth nach bhféadfadh BLOC beagán eagarthóireachta a dhéanamh ar an méid atá i gceist ag daoine a rá sna físeáin le go mbeadh siad níos cruinne.
Ní fios cén mhaith a dhéanfadh sé d’fhoghlaimeoirí na teanga Gaeilge shaibhir a bheith á cloisteáil acu agus an Ghaeilge sin a bheith scríofa os a gcomhair mar a bhíonn cheana féin agus an t-aistriúchán a bheith istigh faoi i mBéarla.
Déantar anseo ar NÓS é. Scríobhfaidh mise alt, seolfaidh mé chuig an eagarthóir é lán le botúin agus ceartaítear rudaí agus má bhíonn aon fhadhb mhór ann labhróidh muid faoi agus rud ar bith beag eile a bhíonn ann arís agus arís gheobhaidh mé nóta beag faoi agus tiocfaidh feabhas ar mo chuid Gaeilge féin. Ní dhéantar aon mheath ar Ghaeilge chanúnach ach den chuid is mó ní chuirtear ábhar míchruinn amach ar an suíomh – cé go sleamhnaíonn corrbhotún tríd ó am go chéile.
Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste, cinnte, ach dar liom féin is céim í an Ghaeilge bhriste i dtreo na líofachta ní hí an ceann scribe í.