TG4 & An Dream Dearg

Comhghairdeas mór le TG4 agus An Dream Dearg, a sciob dhá cheann de na príomhdhuaiseanna leo ag ócáid bhronnta na Sockies, Gradaim na Meán Sóisialta, san RDS i mBaile Átha Cliath aréir.

Don dara bliain as a chéile bhí TG4 i measc na mbuaiteoirí móra agus an duais don ‘Feachtas Meáin Shóisialta (trasardáin) is Fearr’ tugtha leo.

Feachtas ‘Caitlín Eile’, a reáchtáladh ar an stáisiún agus ar Snapchat mar chuid dá gceiliúradh 20 bliain, a chinntigh a mbua.

Ón chleas splancúil cliste inar imigh láithreoir TG4, Caitlín Nic Aoidh, as radharc beo ar an aer Oíche Shamhna, go dtí na réamhimeachtaí aisteacha ar Snapchat agus teacht chun cinn an láithreora bheochana Caitlín Eile, tharraing an feachtas aird na meán ar fud an domhain mhóir.

Chuaigh TG4 agus Lorg Media, a reáchtálann meáin shóisialta an stáisiúin, i bpáirtnéireacht leis an chomhlacht margaíochta idirlín ICAN chun an feachtas buach seo a fhorbairt.

Ag filleadh di ó na Sockies, dúirt an Conallach Caitlín Nic Aoidh le NÓS go raibh sí “thar a bheith sásta” faoin ghradam.

“Reáchtáladh feachtas Caitlín Eile ar scáileán, ar Snapchat agus ar ardáin eile,” ar sí.

“Bhí go leor gnéithe éagsúla ag baint leis agus d’éirigh linn go leor suime a mhúscailt sa scéal.”

Aithníodh éacht An Dream Dearg – a d’eagraigh an mórshiúl Dearg i mBéal Feirste Dé Sathairn seo caite – le linn na hoíche fosta, agus gradam Sockie bronnta orthu d’Úsáid na Gaeilge ar na Meáin Shóisialta.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Urlabhraí An Dream Dearg, le NÓS go raibh na meáin shóisialta “i gcroílár” a bhfeachtais ón chéad lá.

“A luaithe is a bhí sé aontaithe againn, chuaigh muid amach agus d’iarr muid ar an oiread daoine agus is féidir a bpróifíl a athrú agus lógó an Dream Dearg a thaispeáint ar a gcuntais Facebook agus Twitter.”

Ón tseift bolscaireachta seolta, bhain An Dream Dearg leas as na meáin shóisialta lena bhfeachtas a chur chun cinn.

“Sna luath-laethanta agus ansin nuair a bhí muid ag bogadh i dtreo an mhórshiúil, sílim gur éirigh linn na meáin shóisialta a úsáid le dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí agus le teagmháil a dhéanamh leis an phobal,” arsa Ciarán.

“Rud iontach faoi na meáin shóisialta ná go dtugann siad deis d’achan duine a bheith páirteach.”

SCÉALTA EILE