Tús curtha le #Gaeiltober ar na meáin shóisialta

Cuireadh tús inniu le #Gaeiltober, feachtas nua ar na meáin shóisialta a tháinig ón bpobal aníos, agus tá go leor teachtaireachtaí Gaeilge le feiceáil ar Twitter cheana. Tá rialacha #Gaeiltober sách simplí — labhraítear i nGaeilge amháin ar na meáin shóisialta ar feadh na míosa. 

Ó d’fhógair Ailis Níc Aoidh go raibh sé ar intinn aici an Béarla a fhágáil ina diaidh an tseachtain seo caite, tá borradh mór tagtha faoin haischlib #Gaeiltober ar Twitter, agus na céadta tar éis geallúint a thabhairt go labhróidh siad i nGaeilge amháin ó thús deireadh Dheireadh Fómhair. 

Tá an feachtas dírithe orthu siúd nach bhfuil mórán Gaeilge acu nó nach mbíonn á húsáid go rialta ar na meáin shóisialta ach mar sin féin tá lán a dtacaíochta tugtha ag croí-phobal Gaeilge Twitter don fheachtas agus leideanna á roinnt ag cainteoirí rialta Gaeilge faoi cén chaoi páirt a ghlacadh sa nGaeltacht Dhigiteach. 

Moltar do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ar líne an haischlib #Gaeiltober a chur lena dteachtaireachtaí ar na meáin shóisialta agus páirt a ghlacadh sa gcomhrá mór Gaeilge a bheidh ar siúl idir seo agus Oíche Shamhna.