Tweetanna á seoladh #TrasnanadTonnta den dara huair in 2020

Tá an feachtas Twitter #trasnanadtonnta faoi lán seoil den dara huair in 2020 agus súil ag lucht an fheachtais cainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne a chur ag giolcaireacht i nGaeilge ar feadh na seachtaine.

Bhí #TrasnanadTonnta ar siúl cheana féin i mí Aibreáin na bliana seo ach is ar éigean a ghlac duine ar bith páirt ann. Bhí titim 80% ar líon na ngiolcacha a seoladh faoin haischlib le linn fheachtas an earraigh i gcomparáid leis an líon mór giolcacha a seoladh in 2019.

Fógraíodh ag an deireadh seachtaine go mbeidh an feachtas á reáchtáil arís an tseachtain seo agus súil ag lucht a eagraithe go meallfar caint i nGaeilge ó Ghaeil atá ina gcónaí thar lear.

Cuireadh tús leis an bhfeachtas ar na meáin shóisialta ar maidin agus cheana féin tá roinnt mhaith daoine ar fud an domhain tar éis teachtaireacht a chur amach faoin haischlib #trasnanadtonnta – ambasáidí na hÉireann, eagraíochtaí teanga agus cultúir, agus daoine aonair ina measc.

Is í Fondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada atá a eagraíonn an feachtas, agus tá teagascóirí Gaeilge na Fondúireachta gnóthach ó mhaidin ar na meáin shóisialta á chur chun cinn.

Tá teachtaireachtaí tacaíochta faighte ag lucht an fheachtais ón Aire Gaeltachta Catherine Martin, ó ambasadóirí na hÉireann ar fud an domhain, agus ó eagraíochtaí ar nós Chumann Lúthchleas Gael.

SCÉALTA EILE