#WhyIrish? Comhrá mór faoin nGaeilge ar Twitter

Phléasc Twitter na hÉireann, agus an domhain mhóir, le scéalta dearfacha faoin nGaeilge an deireadh seachtaine seo agus an haischlib #WhyIrish á úsáid le cur síos ar na cúiseanna a d’fhoghlaim úsáideoirí an tsuímh an teanga, den chéad uair nó in athuair. 

Ba í Éimear Duffy, rannpháirtí rialta ar an bpodchraoladh Motherfoclóir, a chuir tús leis an bplé ar Twitter Dé hAoine seo caite agus í ar an stiúir ar chuntas oifigiúil an phodchraoladh @Motherfocloir. Cuntas sealaíochta atá i gceist le @Motherfocloir agus caitheann daoine éagsúla seachtain i gceannas air. 

Dúirt Éimear gur thug sí faoi deara go bhfuil go leor de lucht leanta Motherfoclóir — idir leabhar, chuntas Twitter, agus phodchraoladh — lonnaithe i bhfad ó Éirinn, agus go bhfuil cuid mhaith eile ann nár rugadh in Éirinn ar chor ar bith. Dúirt sí go raibh an méid sin “an-spéisiúil” agus “iontach” ach gur theastaigh uaithi a fháil amach cén fáth ar chuir na daoine sin spéis sa teanga.

Cuireadh tús le comhrá mór millteach i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus na céadta freagra tugtha ar bhunghiolc Éimear faoin am seo. Ar na cúiseanna ba choitianta, bhí “oidhreacht Éireannach”, is é sin le rá daoine ar fhág a sinsir Éire fadó agus atá ag foghlaim na teanga le teagmháil nua a chruthú leis an oidhreacht sin.

Luadh an aip foghlama teanga, Duolingo, minic go leor freisin. Is aip saor in aisce é Duolingo a bhfuil an t-uafás teangacha ar fáil air, mionteangacha an domhain ar nós na Gaeilge agus na Breatnaise ina measc, agus tá thart ar mhilliún duine ag foghlaim na Gaeilge air. 

Bhí an Bhreatimeacht i measc na gcúiseanna a luadh freisin agus bealaí á lorg le ‘Éireannachas’ an duine a láidriú: 

Ní foghlaimeoirí amháin a bhí ag glacadh páirt sa gcomhrá, agus freagraí go leor tugtha ag cainteoirí Gaeilge faoi na cúiseanna a labhraíonn siadsan Gaeilge gach lá.

Bhí an oiread sin cainte ann faoin nGaeilge ar Twitter i gcaitheamh an deireadh seachtaine gur thug Gaeil na hAlban faoi deara é agus chuir tús lena haischlib féin — #whyGaelic.