‘Tá níos mó ná a chion déanta ag NÓS raidhse scríbhneoirí Gaeilge a chothú’

Fiú in 2008, ní raibh mé i gcroíphobal NÓS – bhí an tríocha cúig slánaithe agam le tamall! Dá réir, ní raibh mé i measc na síntiúsóirí ceannródaíocha a chuir bonn faoi. Níor aithin mé go raibh gá agam le “hiris stílbheatha”. Ach bhíodh Gaelscéal á cheannach agam, agus chuir mé aithne diaidh ar ndiaidh ar an iris agus a phobal. Bhí úire agus meon spreagúil ann. Chuir sé leis an saol trí Ghaeilge a bhí uainn!

Lean mé ar iris ar líne; maith go leor, tá codanna nach spéis liom (brón orm, ní hiad bhur Albam na Míosa mo Albam na Míosa. Ach sin mise, ní sibhse). Is cuid é áfach de m’arán intinne laethúil le fada.

Tá neart ann a spreagann mé. Smaointe éagsúla. Taithí saol éagsúla. Is bréa liom na sraitheanna a scríobhann daoine óga agus iad ar an gcoláiste – abhus nó thall ar Erasmus nó ar Fulbright. Taithí le roinnt. Fealsúnacht fáiscthe as. Mná agus fir óga mhachnamhacha i ngleic leis an saol. Leithéidí Dhomhnall Uí BhraonáinDhaire Ní Chanáin. Súile agus meon oscailte, agus iad in ann iad féin a chur in iúl go héifeachtach. Cloisfear uathu amach anseo, agus is maith sin!

Is san ithir chéanna a phéacaigh NÓS agus an Dream Dearg – an meon “ná habair é, déan é” atá tréan ó thuaidh. Agus thug NÓS spléachadh dom ar an bhfeachtas sin, agus ghríosaigh mé le dul ó thuaidh do laethanta dearga. Laethanta a thug ardú croí dom, mar go raibh an díocas gliondrach follasach i mo thimpeall. Mothúchán nach bhfuil chomh tréan sa deisceart compordach meánaicmeach a mhúnlaigh mise.

Is nód láidir i ngréasán na Gaeilge – mar a thug Liam Mac Cóil air – NÓS. Iris Ghaelach le dearcadh domhanda. Ardán do smaointe Gaeil Óga fhorásacha; ní iris pháirtí ná chumainn, ach ardán do smaointe saora.

Is maith liom go bhfuil an t-eagarthóir ag iarraidh nasc leis na pobail Ghaeltachta a neartú – agus go mbíonn leithéidí Shláine Ní Chathalláin ag tabhairt léargas eile dúinn. Ó bhéal na ndaoine.

Níl de locht agam air dáiríre ach go dtagann agus go n-imíonn na guthanna seo chomh minic! Ní NÓS is cúis leis sin áfach, ach an saol. Agus – i mo thuairim – easpa stráitéise maoinitheoirí earnáil na meáin Ghaeilge. Ba cheart go mbeadh deiseanna ann ag na scríbhneoirí a fhorbraíonn in iris mar NÓS scríobh ar ardáin eile.

Ba cheart go mbeadh slí bheatha ann do raidhse colúnaithe Gaeilge, iad ag aclú na Gaeilge le smaointe agus taithí úra, agus ag cur fómhair ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge. Tá a chion, agus níos mó na a chion, déanta ag NÓS chun iad a chothú. Ach tá gá le timpeallacht, foras, stráitéis chun go neartófaí earnáil na hiriseoireachta scríofa Gaeilge.

Tá éachtaí déanta ag NÓS, ach is deacair bonn a chur faoi fiontar nuair is ó chonradh go conradh gan chinnteacht ná stráitéis maoinithe atá cúrsaí á dtreabhadh.

Guím déaga tairbheacha agus teacht in inmhe slán ar NÓS, agus neartú na snáitheanna a nascann NÓS leis an earnáil scríofa i gcoitinne. Go raibh deis ann dóibh siúd a d’aimsigh a nguth ar cholúin NÓS an ghuth sin a ardú chun cur lenár machnamh agus eolas.

SCÉALTA EILE