‘Tá NÓS ina ghoradán teanga agus pobail’

Dalta scoile a bhí ionam nuair a chuala mé iomrá ar iris nua Ghaeilge Nós* den chéad uair. Ní raibh sé i bhfad sula raibh síntiús agam leis an iris, agus na leaganacha clóite áille i mo ghlac agam. Chuidigh siad go mór linn, an t-am sin, mar dhaltaí ard-leibhéil Gaeilge, ábhar nua-aimseartha greannmhar dána bagánta a léamh. Chuidigh sé linn, ar bhealach nua, an teanga a chlárú leis an domhan mór a raibh muid beo ann an t-am sin.

Níor shíl mé an t-am sin go mbeadh deis agam peann a chur le pár agus ailt a scríobh don iris chéanna sna blianta a bhí romhainn. Is maith is cuimhin liom alt a léamh in 2014 ó bhunaitheoir agus eagarthóir na hirise sa tréimhse sin, Tomaí Ó Conghaile (nó an Draoi Rua mar is fearr aithne air na laethanta seo), Fathach Á Mhúscailt, maidir le ‘Lá Mór na Gaeilge’ i mBaile Átha Cliath ant-earrach sin.  Ag Nós*, bhí baile buan ag na Gaeil dhearga sna blianta a lean titim Chnoc an Anfa agus bunú An Dream Dearg. Mar a lean Ó Conghaile leis sna sála ar an Lá Dearg i mBéal Feirste in 2017, musclaíodh an fathach sin.

Le breis agus 8 mbliana tá ábhar #AchtAnois á chraobhscaoileadh ar ardáin Nós*, tríd an iliomad gníomhaithe a chinn a gcuid smaointí a roinnt le domhan mór na teanga ar líne, mé féin ina measc. I measc na n-alt siúd bhí deis agam súil a chaitheamh ar ghníomhaithe eile, ar fheachtais eile agus ar thaicticí tráthúla a bhí go mór i réim agus iad a cheangail ar ais le raison d’etre An Dream Dearg féin; domhan níos fearr a chruthú do chách, pobal na Gaeilge san áireamh.

Labhair mé go minic ar na leathanaigh seo ar an tábhacht a bhain le spásanna a chrutha don mhachnamh, don phlé agus don eagrú pobail. Mar phobal mionteanga tuigeann muid an géarghá le spásanna den chineál sin go rímhaith; bíodh muid ag caint ar an raidió, ag trácht ar an teilifís nó ag dul i mbun díospóireachta nó eile ar líne. Cheap mé riamh gur ar na cúiseanna sin a bunaíodh Nós* an chéaduair, mar spás. Agus don té a bhí ar lorg spásanna le bheith ag smaointiú, ag scríobh agus ag samhlú domhan eile, bhí an spás sin i gcónaí ar fáil. Agus nuair a rinne ‘na cumhachtaí móra’ iarrachtaí éagsúla maoiniú saoil na hirise a stopadh, d’aithin muid mar phobal an ghéarghá le spásanna mar seo a shábháil agus a fhorbairt, agus sheas muid an fód.

Bíodh muid ag caint ar chúrsaí Gaeltachta, ar ‘ollchoimlintí’ spóirt, nó ar roinnt de na carachtair is mó a chuaigh i bhfeidhm ort le déanaí, uaireanta is gá an ríomhaire a oscailt agus an tseanmóireacht saoil sin a chur ar pháipéar. Is in éagsúlacht na n-ábhar, agus na n-údar, a fhaightear bunchlocha pobail na hirise. Is pobal ildánach, uaireanta mire, agus iontach muid, agus bheadh dúshlán roimh aon fhoilseachán bheith ionadaíoch orainn mar phobal. Is í an éagsúlacht sin atá le caomhnú san iris seo don chéad 15 bliain eile.

Don té a bhfuil ábhar feachtais aici nó aige, smaoineamh nó fís aici nó aige, scríobh síos é.  Tá gach seans go bhfaighidh tú cluas éisteachta, léamh nó súil eile, ar na leathanaigh seo. Tá Nós* ina ghoradán teanga agus pobail. Ná cailltear anam agus croí na hirise riamh. Beatha teanga í a labhairt, a scríobh agus a léamh, go deimhin.

Is féidir ailt Phádraig Uí Thiarnaigh a léamh anseo.

SCÉALTA EILE