Agus NÓS á ceiliúradh againn an tseachtain seo, táimid ar fad spreagtha chun cuimhne ar thábhacht na hirise dúinn féin. Tá NÓS tábhachtach domsa mar fhoghlaimeoir, mar léitheoir, agus anois mar scríbhneoir.
In 2008, nuair a foilsíodh NÓS den chéad uair, bhíos deich mbliana d’aois agus ní raibh a fhios agam gur ann dá leithéid. Níor chuala mé trácht ar NÓS go dtí gur thosnaíos ag déanamh staidéir ar an nGaelainn san ollscoil agus bhí ábhar léitheoireachta á mholadh dúinn chun feabhas a chur ar ár gcumas léitheoireachta.
Agus an Ghaelainn á foghlaim agam ar an ollscoil, thug na hirisí Gaelainne taithí iontach dom ar chanúintí difriúla na Gaelainne. Rud amháin is ea é a bheith ag foghlaim fé Ghaelainn Ghaoth Dobhair, rud eile ar fad is ea í a léamh (nó a bheith ag triailt í a léamh ach go háirithe). Tá sé tábhachtach d’fhoghlaimeoirí teanga ábhar léitheoireachta a bheith acu atá spéisiúil, a bhfuil fáil air, agus a chuirfidh an teanga in iúl mar theanga bheo, ní hamháin ábhar scoile nó ollscoile.
Is cuid dár bhféiniúlacht í an teanga a labhraímid, agus mothaím féin nasc láidir leis an nGaelainn cé nach cainteoir dúchais mé. Tá sé ríthábhachtach do theanga, agus go háirithe do mhionteanga, go gcífimid í mórthimpeall orainn. Is féidir liom a rá gach aon lá ó cheann ceann na bliana gurb í an Ghaelainn príomhtheanga oifigiúil an Stáit, ach cén mhaitheas é sin? Caithfimid an teanga a fheiscint sna spásanna ina bhfuilimid chun gur féidir linn a chreidiúint gur teanga bheo í. Má thá irisí ar fáil ar líne le tuairimíocht, nuacht, spórt, agus eile as Béarla, caithfidh go mbeidh siad ar fáil chomh maith as Gaelainn. Caithfidh an rogha a bheith ann.
Má tháimid chun an Ghaelainn a chaomhnú agus a neartú, caithfidh sí a bheith againn mar theanga chumarsáide. Cad is ea í teanga ach modh cumarsáide, ar aon nós? Ní theastaíonn ó lucht labhartha na Gaelainne a bheith ag léamh fén nGaelainn, ach a bheith ag léamh i nGaelainn. Sin an fáth a bhfuil NÓS chomh tábhachtach domsa. Má theastaíonn uait scéal grinn fé chiarlomadh bicíní age baile a léamh, tá sé le fáil ar NÓS, as Gaelainn. Má bhíonn cur síos ar chluiche rugbaí na seachtaine uait tá sé sin le fáil ar NÓS, as Gaelainn. Fiú má bhíonn scéalta nó moltaí collaíochta á lorg agat – tá siad le fáil ar NÓS as Gaelainn!
Cinnte, tá seans ann go bhféadfadh an teanga maireachtaint gan aon iris ar líne as Gaelainn a bheith ann, ach is mó go mór an seans go láidreoidh agus go bhfásfaidh sí nuair a bhíonn ábhar léitheoireachta deas, éadrom agus spéisiúil ar fáil do chách.
Theastaigh uaim i gcónaí a bheith im’ scríbhneoir. Ó bhíos ana-óg bhíos fé dhraíocht ag focail. Úrscéalta, ailt nuachtáin, scéalta in irisí, léigheas iad ar fad. Is iomaí uair ar chuireas peann le pár, ach níor éirigh liom fanacht leis riamh. San ollscoil d’éirigh sé níos measa, agus céim sa dlí ar bun agam bhíos gafa ag léamh cásanna móra fada agus ag iarradh ciall éigint a bhaint as an méid a bhí le rá ag breithiúna.
Agus mé i lár scrúduithe dlí ag deireadh an tsamhraidh seo caite, bhuaileas, i ngan fhios dom féin cérbh é, le heagarthóir NÓS. Ar chúis éigint, luas leis go rabhas chun tosnú ag scríobh. Dúirt sé liom rud a scríobh do Nós, agus dúirt go ndéanfainn. Agus dhein. Agus dhein aríst agus aríst, agus anois bím ag scríobh go minic.
Cá bhfaighinnse an deis agus an spreagadh chun na scríbhneoireachta murach NÓS? N’fheadar éinne. Is beag ardán atá ann do lucht léite na Gaelainne, agus is lú fós na deiseanna atá ann do scríbhneoirí Gaelainne, i gcomparáid leis na deiseanna atá ag lucht an Bhéarla. Seoid d’iris is ea NÓS. Go maire sí an chéad!