‘Teacht le chéile, cairde nua agus ceiliúradh’

Bhí ár gcolúnaí ina moltóir ar chomórtas ag Féile na Meán Ceilteach sa Bhreatain Bheag an mhí seo caite. Seo a cuntas ar an bhféile.

Ba é seo mo chéad bhliain ag freastal ar Fhéile na Meán Ceilteach. Thaistil mé go moch ar maidin ó Chontae na Gaillimhe go Baile Átha Cliath agus d’eitil as sin go Caerdydd. Cé go raibh mé ag taisteal i m’aonar, ní raibh mé i bhfad liom féin! 

Nuair a shroich muid aerfort Caerdydd, bhí toscairí Éireannacha eile a tháinig as Baile Átha Cliath agus as Béal Feirste romhainn. Bhí duine a raibh seanaithne agam air ina measc agus chuir mé aithne ar dhaoine nua freisin. Bhailigh muid le chéile ar an mbus go Llanelli, baile a bhí tuairim is uair go leith siar an bóthar. Chonaic mé talamh mhaith, ainmhithe, muilte gaoithe agus is cinnte gur chuir an aimsir bhreá leis an áilleacht a bhí le feiceáil inár dtimpeall. 

Scar muid óna chéile ansin ag fáiltiú an óstáin, bhí daoine ag dul chuig cruinnithe, bhí pitch le déanamh ag cuid eile – bia a bhí uaimse. Shuigh mé i mbeár an óstáin i m’aonar, tar éis bia a ordú, agus tháinig grúpa Éireannach isteach. Fuair mé cuireadh suí leo ó bhean álainn darbh ainm Gráinne a chuir in aithne í féin agus an chuid eile den chomhluadar.

Bhí Gráinne, atá ina léiritheoir teilifíse, ainmnithe do ghradam sa rannóg ‘Cláir do Pháistí’. Shuigh mé in aice léi níos deireanaí in Amharclann Ffwrnes an lá céanna nuair a bhuaigh sí an gradam céanna dá saothar Pablo. Dúirt an bhean ar an taobh eile díom “tá tú an-sásta gur bhuaigh do chara” agus nach uirthi a bhí an gáire spraíúil nuair a d’fhreagair mé “Tá sí go hálainn! Chas mé léi inniu!”

Sin Féile na Meán Ceilteach, teacht le chéile, cairde nua agus ceiliúradh orainn féin agus ar ár ngaolta Ceilteacha. 

Chaith muid an lá in Amharclann Ffwrnes. Ba i bpríomhsheomra na hamharclainne áille a bronnadh na gradaim. Taobh istigh de chúpla nóiméad chuala mé go leor Breatnaise á labhairt go nádúrtha agus aistriúchán Béarla á thabhairt ina dhiaidh. Níorbh fhada go dtí go raibh na Scarlets luaite! Tá an baile fíorbhródúil as an bhfoireann rugbaí atá acu ach níorbh fhada gur chualathas ‘Up Leinster!’ ón lucht féachana agus bhí gáire ollmhór ann.

Labhair méara an bhaile linn agus d’inis sanasaíocht na logainmneacha dúinn  – céard a chiallaíonn Ffwrnes, an amharclann a raibh muid ann? Foirnéis. Llanelli? Ciallaíonn Llan  ‘naomh’, ach níl a fhios acu ar bhean nó fear a bhí i Naomh Elli. Rinneadh cur síos ar an gceantar, an áit, na daoine agus d’fhoghlaim mé go leor. Tháinig go leor daoine cáiliúla, cruthaitheacha, cumasacha ón mbaile beag seo. An t-amhránaí Dorothy Squires a phós Roger Moore, an cumadóir Donald Swann, Ronnie Cass a scríobh amhráin do Cliff Richard, agus Richard Rees, a raibh an t-ádh orm castáil leis roimhe seo mar bhí sé ar an bpainéal moltóireachta liom. 

Taispeánadh a scannán Towy – The Dark River of Wales den chéad uair san amharclann an chéad oíche sin den Fhéile.  Tá a lán cláracha faoin dúlra déanta ag Richard thar na blianta, leis an BBC, S4C, Discovery agus Animal Planet. Seo scannán a rinne sé as a stuaim féin, lena chuid ama agus airgid féin agus bhain an lucht féachana an-taitneamh as an gcéad léiriú seo. Bhí comhrá ina dhiaidh agus deis ceisteanna a chur. Tá súil ag Richard go bhfeicfidh daoine an scannán seo agus go dtabharfaidh siad aire don abhainn Towy atá ag fulaingt de bharr truailliú agus neart fáthanna eile.

Céard faoi na gradaim eile? Bhí an bua ag Rocky Ros Muc sa rannóg faisnéis spóirt! Beidh leabhar eile á fhoilsiú ag Ronán Mac Con Iomaire go gairid i mBéarla, The Man Who Was Never Knocked Down, má tá cairde agat nár léigh an leagan Gaeilge.

Bhuaigh An Béal Bocht le Pearse Moore/Tom Collins beochan na bliana, Living on the List ó RTÉ Investigates an rannóg cúrsaí reatha, thug Murdair Mhám Trasna abhaile gradam na rannóige staire agus tá liosta iomlán de na buaiteoirí go dtí seo ar fad ar shuíomh na Meán Ceilteach http://www.celticmediafestival.co.uk.

Chomh maith leis na gradaim, eagraítear painéil shuimiúla, déantar neart plé, agus bíonn deiseanna cainte agus aithne a chur ar dhaoine nua ann. Tugtar léiritheoirí agus coimisiúnaithe le chéile go minic agus eascraíonn neart tionscnaimh nua agus clár nó scannán as an gcúpla lá seo! 

Is cinnte go mbeidh mé ar ais an bhliain seo chugainn, nuair a bheidh muid ag triall ar Albain.

SCÉALTA EILE