10 gclár den scoth ar TG4 an Nollaig seo

Cás ar na cnaipí agus tiúnáil isteach, tá sceideal na Nollag TG4 faoi lán seoil agus scoth na mbronntanas scáileáin i ndán dúinn a shásóidh uile mhian an teaghlaigh thar na laethanta saoire. Bígí ag faire amach do scoth na gclár faisnéise, ceol bríomhar mar aon le heagráin speisialta na Nollag de mhórchláir TG4, Ros na Rún ina measc!


1. Cinegael Paradiso / Dé Céadaoin, 21 Nollaig @ 7.30in 

Clár faisnéise atá anseo faoi ‘Cinegael’, an phictiúrlann neamhspleách a bhunaigh Bob Quinn ar an gCeathrú Rua sna 70í.

Bhí cónaí ar Robert Quinn ar an gCeathrú Rua nuair a bhí sé ina bhuachaill óg agus is ann a cuireadh tús leis na smaointe spleodracha faoi thionscal na scannánaíochta ag an am.


2. Ceol Johnny Cash / Dé Sathairn, 24 Nollaig @ 7.15in

Ag leanúint leis an seánra faisnéise, beidh clár speisialta uair an chloig ar siúl Oíche Nollag a thugann léargas ar shaol agus ar shaothar Johnny Cash.

Tabharfaidh meascán d’amhránaithe aitheanta na hÉireann faoi amhráin Johnny a chasadh, ina measc Republic of Loose le ‘Cry Cry Cry’, Fiachna Ó Braonáin and The Hot Sprockets le ‘I Walk The Line’ agus Eleanor McEvoy le ‘Ring Of Fire’.


3. The Chieftains 2016 / Dé Domhnaigh, Lá Nollag @10.40in

100 bliain de cheol na hÉireann a bheas á cheiliúradh ag an gceolchoirm speisialta seo sa Royal Concert Hall i nGlaschú.

Beidh The Chieftains ar ardán i gcaitheamh na hoíche agus tiocfaidh leithéidí John Sheehan, Declan O’Rourke, Eddi Reader, Karan Casey agus Kris Kristofferson i dteannta leo chun seit nó dhó a dhéanamh.

Is í bean na huaire, buaiteoir Ceoltóir na Bliana TG4 2017, Mairéad Ní Mhaonaigh, a chuirfidh an cheolchoirm i láthair.


4. An Fhuil agus an Bindealán / Dé Luain, 26 Nollaig @7.45in

Ábhar a chuirfidh iontas ar lucht leanta na gcluichí Gaelacha go háirithe atá sa chlár seo, mar go léirítear ann gur trí thimpiste atá an dath dearg agus bán ar fhoirne chontae Chorcaí.

Dathanna eile ar fad a bhí orthu i dtús ama!

Is é an laoch iomána, bainisteoir agus tráchtaire Dónal O’Grady an bleachtaire staire sa gclár seo.

Tá scéal thar a bheith spreagúil le haithris aige a bhfuil macalla na staire go láidir ann.


5. Ollchlár na Nollag, Ros na Rún / Lá Nollag @ 12.05

Idir bhradaíl, bhréaga, thoircheas agus fheallta, beidh go leor imeachtaí corraitheacha ag titim amach ar Rós na Rún sa dá chlár a chraolfar seachtain na Nollag.

An scaoilfear le rún Mack roimh lá na bainise? Sin í an cheist mhór.

Craolfar an dá chlár arís Dé Máirt 27 Nollaig agus Déardaoin 29 Nollaig @8.45in.


6. Bilingua – Ceol Eithne Ní Uallacháin / Dé Céadaoin 28 Nollaig @ 8.45in

Craolfar ceolchoirm bheo den chéad uair, a taifeadadh in Ardeaglais Phádraig, Baile Átha Cliath, in ómós do shaothar Eithne Ní Uallacháin.

In 2014, 15 bliain tar éis gur éag Eithne, seoladh an t-albam Bilingua, ar ceiliúradh é ar an gceol iontach a thaifead an ceoltóir agus í beo.

Tabharfaidh ceoltóirí agus amhránaithe – ina measc Gerry O’Connor, Dónal O’Connor, Karen Matheson, Muireann Nic Amhlaoibh agus Pauline Scanlon – ardán úr de cheol Eithne.

Sular dtaispeántar Bilingua déanfar athchraoladh ar Idir dhá Shaol ag 7.45in an lá céanna, clár faisnéise faoi shaol agus shaothar Eithne atá stiúrtha agus léirithe ag a mac Feilimí Ó Conchuabair.

Léigh a thuilleadh faoi anseo.


7. An Biongó / Dé hAoine, 30 Nollaig@ 8in

Bainfidh an clár seo deora agus gáire asat.

Faightear súil isteach ar shaol an bhiongó sa chlár faisnéise gleoite seo, a fhiosraíonn an tóir atá ag muintir na hÉireann ar an gcluiche.

Déanfaidh lucht biongó, idir óg agus aosta, cur síos ar an tábhacht atá leis an gcaitheamh aimsire dóibhsean.


8. Poitín Mhicil / Dé Domhnaigh, 1 Eanáir @9.30in

Ní ón ghaoth a thug Pádraic Ó Griallais a shuim sa stiléireacht leis.

Tá cáil an phoitín ar a mhuintir leis na glúnta anois.

Is óna sheanathair, Jimmí Chearra, fear atá os cionn 80 bliain, a fuair Pádraic an cheird agus is óna sheanathair féin roimhe sin, Micil, a fuair Jimmí an cheird le huacht.

Teastaíonn ó Phádraic stádas an phoitín a athrú, an deoch a tháirgeadh ar bhonn tionsclaíoch caighdeánach agus margadh ceart dlisteanach a bhunú dó.


9. Flann O’Brien – An Béal Saibhir / Dé Luain, 2 Eanáir @8.05in

Beidh deis ag daoine an clár faisnéise seo faoi shaol agus shaothar Bhrian Uí Nualláin a fheiceáil arís sa bhliain úr.

Ar an chéad lá d’Aibreán 2016, bhí sé 50 bliain ó bhásaigh Brian Ó Nualláin (nó Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen).

Is deis iontach é seo breathnú siar arís ar a shaol agus ar a chuid oibre, go háirithe ar na scéalta a scríobh sé i nGaeilge.

Flann abú!


10. Planxty – No Disco / Dé Luain, 2 Eanáir @12rn

Clár ceoil in ómós an bhanna mór le rá as Éirinn, Planxty, a chuirfidh críoch le sceideal na Nollag ar TG4.

Leagues Toole, a chuirfidh an clár i láthair agus beidh baill bhunaidh an ghrúpa – Christy Moore, Liam Óg Flynn, Matt agus Andy Irvine, chomh maith le Paul Brady a ghlac áit Christy sa bhanna nuair a d’imigh sé in 1974 – uilig i mbun ceoil.

Roinnfidh ceoltóirí na linne seo, mar atá David Kitt, Richie Egan (The Redneck Manifesto), Jimi Goodwin (Doves) agus Colm Mac An Iomaire (The Frames), an t-ardán leis na seanfhondúirí iontacha.

Sin ár rogha de scoth na gclár ar stáisiún na nGael!

SCÉALTA EILE