Cuirfear tús le sceideal na Nollag ar stáisiún na nGael inniu agus scoth na gclár beartaithe a shásóidh uile mhian an teaghlaigh! Bígí ag faire amach do chláir fhaisnéise nua, do chláir bhríomhara cheoil mar aon le heagráin speisialta na Nollag de mhórchláir TG4, ina measc Ros na Rún agus Hup!
1) An Nollaig Fadó / Dé Domhnaigh 20 Nollaig, 4.55in
Clár faisnéise ar an Nollaig mar a bhíodh in Éirinn fadó.
Idir bheartáin a bheith ag teacht as Meiriceá ó ghaolta agus litreacha a bheith á gcur sna simléir do Dhaidí na Nollag, tabharfar sean-nósanna agus traidisiúin na Nollag chun cuimhne.
Bealach deas chun tús a chur leis an tréimhse Nollaigiúil!
2) Ros na Rún / Dé Céadaoin 23 Nollaig, 8.30in
Is i gclár speisialta na Nollag a fhágfaidh cairde agus naimhde Ros na Rún slán lena gcara dílis Séamus Mhicil Tom ag searmanas brónach le taobh a uaighe.
Beidh Tadhg, a bhfuil cáil na nimhe ar a theanga, in aimhréidh ag iarraidh aitheantas a thabhairt dá dhlúthchaidreamh le Séamus le breis agus 20 bliain.
Tugtar ómós sa chlár seo do Diarmuid Mac an Adhastair, aisteoir den chéad scoth a bhásaigh ní ba luaithe i mbliana.
B’fhear grinn ó nádúr é agus díol inspioráide a thug Séamus Mhicil Tom dúinn lena chuid freagraí deisbhéalacha agus a chuid gothaí greannmhara.
3) Hup na Nollag / Lá Nollag, 9.15in
Is i gCinn Mhara a bheidh Hup! d’eagrán speisialta na Nollag, áit a mbeidh máistrí ceoil, amhránaíochta agus rince ann idir óg is aosta.
Beidh an boscadóir breá Máirtín O’Connor – Ceoltóir na Bliana ag Gradaim Cheoil TG4 2015 – i mbun ceoil lena chairde ConTempo String Quartet, Cathal Hayden agus Gary Ó Briain, chomh maith le hamhrán ó bhuaiteoir Chorn Uí Riada, Bríd Ní Mhaoilchiaráin.
Cloisfear ceol binn an chonsairtín ó Chris Droney agus a gharmhac Cathal agus ceol fidle ó mhuintir Glackin.
Beidh an fear grinn Pat Shortt féin ag ceol ar an sacsafón agus beidh amhrán Nollag ó Declan O’Rourke chomh maith… féasta do na cluasa!
4) Robert Shaw – Jaws, Deoch & Deora / Lá Nollag, 10.10in
Clár faoi Robert Shaw, mór-réalta scannáin a thuill cáil idirnáisiúnta amach agus a chuir faoi i nGaeltacht Mhaigh Eo go dtí gur bhásaigh sé ar thaobh an bhóthair le taom croí in 1978.
Scéal casta is é scéal an tSasanaigh chumasaigh seo, fear a phós trí huaire agus a raibh deichniúr clainne air.
Bhain sé clú agus cáil amach i scannáin mhóra ar nós The Deep, The Sting, From Russia with Love agus Jaws. Fuair sé ainmniúchán Oscar dá ról mar an Rí Anraí VIII sa scannán A Man for All Seasons.
5) Matt Cunningham – Rí na Seite / Lá Fhéile Stiofáin, 8.05in
Clár faisnéise a fhiosraíonn oidhreacht an cheoltóra aitheanta Matt Cunningham ar cheol céilí agus ar chultúr na hÉireann.
Casfaimid le Matt ina theach cónaithe in Áth Cinn, Co. na Gaillimhe, agus cuirfimid aithne air mar fhear chéile agus mar athair.
Tráchtfaidh sé ar a chuimhní ceoil agus ar a shaol go dtí seo agus é i mbun a chuid oibre ar an bhfeirm.
Beidh an craoltóir Kieran Hanrahan, atá ag obair in éineacht le Matt le blianta, agus Philomena Begley, ina theannta agus casfaidh bean an cheoil tíre amhrán freisin agus labhróidh sí faoi lorg Matt uirthi.
6) An Klondike – An Scannán / Lá Fhéile Stiofáin, 9.40in
Chonaic muid an tsraith agus anois seo chugainn an scannán!
Is é An Klondike an chéad scannán buachaillí bó a rinneadh in Éirinn agus thuill sé moladh mór nuair a eisíodh é ní ba luaithe i mbliana.
Insíonn sé scéal na ndeartháireacha Connolly; triúr Éireannach ar imirce i Meiriceá Thuaidh a théann ó Montana go dtí an Yukon le linn fuadar óir an Klondike sna 1890í, iad ag súil le saibhreas mór.
Baineann clann Uí Chonghaile an baile beag Dominion Creek amach, áit ina dtarraingítear isteach i bhfíoch contúirteach iad le Jacob Hopkins, an fear i gceannas ar an mbaile.
Más fan thú de chuid na sraithe, nó fiú muna bhfuil sé feicthe agat, níor chóir an ceann seo a chailliúint.
7) I mBéal na Stoirme / Dé Domhnaigh 27 Nollaig, 20.15in
Caitheadh ocht mbliana ag gabháil don gclár seo faoi John O’Brien, iascaire as Inis Bó Finne a thug a aghaidh ar an mBruiséil le súil is athrú a chur ar Chomhbheartas Iascaigh an Aontais Eorpaigh.
Léiríonn an scannán seo na nithe a bhíonn le sárú ag iascairí beaga ar an gcósta ar fud na hEorpa sa lá atá inniu ann – agus an tionchar a bhíonn ag cinntí a dhéantar i bhfad ó bhaile ar phobal beag.
8) Tír Tairngire / Dé Luain 28 Nollaig, 7.45in
Sa 17ú haois deirtear gur dhíbir Cromail go leor de Ghaeil oirthear na hÉireann go Connachta.
An 10ú Aibreán 1934, chuaigh slua fear ar rothair as Conamara go Baile Átha Cliath agus d’éiligh ar cheannaire an stáit nua, Éamon de Valera, talamh úr nua torthúil, mar a baineadh óna sinsear, a thabhairt dóibh i gContae na Mí.
An bhliain dár gcionn, 80 bliain ó shin, d’fhág seacht gcomhluadar is fiche Conamara le haghaidh a thabhairt ar a dtír tairngire nua, Ráth Chairn, i gContae na Mí.
Seo é scéal Ghaeltacht Ghlas na Mí.
9) Deoch an Dorais / Dé Luain 28 Nollaig, 9.30in
Clár faisnéise faoi Chonallach nárbh fhéidir a mharú – ainneoin 20 iarracht éagsúla.
Seo é scéal Mike Molloy, imirceach a ndeachaigh an saol ina choinne agus a bhí ag ól go trom agus aithne mhaith air i dtithe tábhairne sa Bronx i Nua-Eabhrac sna 1930í.
Bhí an saol dian ag go leor ach bheartaigh ceathrar dá lucht aitheantais cleas gránna a imirt air – polasaí árachas saoil a cheannach air, é a chur chun báis agus an t-airgead a bhailiú.
Sa gclár seo tugann Conallach iomráiteach den tsloinne chéanna Anthony Ó Maolmhuaidh – a bhí ina chaptaen ar fhoireann bhuach Dhún na nGall in 1992 – turas go Nua-Eabhrac ag fiosrú an fhir seo.
10) Bocsáil i mBoston / Dé Céadaoin 30 Nollaig, 8.15in
Clár faisnéise faoi dhornálaithe ó chlub Dornálaíochta Chonamara a chuaigh go Bostún chun páirt a ghlacadh i gcomórtas dornálaíochta a d’eagraigh Méara Bhostún, Marty Walsh.
16 dornálaí ar fad a chuaigh anonn agus ba í seo an chéad uair ag an gcomórtas a bheith ar bun.
Nasc eile idir Conamara agus cathair mhór Massachusetts.
Bronntanais sa bhreis… Rugbaí Beo x 3!
Cúige Chonnacht v Cúige Uladh / Lá Fhéile Stiofáin, 5.30in
Craoladh beo ar an gcluiche idir Connachta agus Ulaidh sa Sportsground sa 10ú babhta de Shraith Guinness PRO12. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.
Mumhan v Laighin / Dé Domhnaigh 27 Nollaig, 4.30in
Craoladh beo ar Chúige Mumhan v Cúige Laighean as Páirc Thuamhan sa 10ú babhta den PRO12.
Cúige Laighean v Cúige Chonnacht / Lá Caille, 1 Eanáir, 4.30in
Craoladh beo ar Chúige Laighean v Cúige Chonnacht ón RDS sa 11ú babhta den PRO12.
Bímis te teolaí os comhair na tine ag breathnú ar stáisiún na nGael an Nollaig seo – faigh an sceideal iomlán anseo!