Aisteoir é Colm Ó Fátharta atá aitheanta as a pháirt mar Evan ar an sobalchlár is ansa leis na Gaeil, Ros na Rún. Labhair sé linn faoina charachtar ceanndána, faoi bhealach an Camino a bheas sé a shiúl, agus faoina ról nua mar chraoltóir le Raidió na dTreabh!
1. Cárb as duit?
Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
2. Cad é an rud is fearr faoi do cheantar dúchais?
Na daoine agus an nádúr.
3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Rugadh mé i Meiriceá agus is breá liom an áit. Tá go leor rudaí le déanamh i Nua-Eabhrac. Áit í a bhfuil fuinneamh agus carachtair dhifriúla ann go fairsing.
4. Cad é a thaitníonn leat faoi do charachtar Evan i Ros na Rún?
Is maith go bhfuil sé ionraic agus dílis.
5. Cad é nach dtaitníonn leat faoi?
Tá sé damanta ceanndána. Cosúil liom féin scaití!
6. Cad é an rud i do vardrús is minice a chaitheann tú?
Cheannaigh mé jeans Jack and Jones anuraidh agus tá siad an-chompordach. Caithim iad sin go minic.
7. Céard é an buaicphointe i bhféilire na bliana?
Tá mé chun bealach an Camino a shiúl i mbliana agus tá mé ag tnúth go mór leis.
8. Cad é an bhialann is fearr leat i nGaillimh?
Capones
9. Is craoltóir thú leis an stáisiún nua Raidió na dTreabh. Cad é mar atá sin ag gabháil?
Tá sé ag dul an-mhaith. Tá cúpla clár déanta agam féin agus ag Emma (Ní Chearúil) anois.
Réitímid go han-mhaith lena chéile agus bíonn an-atmaisféar sa stiúideo.
10. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
A bheith in Time Square nuair a bhí mé 7 mbliana d’aois. Cheap mé gurbh é an áit is fearr ar domhan a bhí ann.
11. Dá mbeifeá ag casadh den chéad uair le duine a raibh dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Dinnéar agus amach ansin le haghaidh cúpla deoch.
12. Stáitse nó teilifís?
Teilifís.
13. An bhfuil mana spreagúil agat?
Tá. Is maith liom a bheith gnóthach i gcónaí. Is maith a bheith ag triail rudaí nua i gcónaí.
14. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr, dar leat?
Is maith liom Matt Damon agus Sandra Bullock.
15. Cé hé/hí an ceoltóir is fearr leat?
Is maith liom Bruno Mars.
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Is dócha go rachainn amach le haghaidh piontaí leis na leaids.
17. Aon rún faoi Evan i mbliana?
Níl cead agam mórán a rá ach déarfaidh mé rud amháin atá cinnte: ní bheidh Evan sásta go bhfuil Andy ar ais i Ros na Rún.
18. Cad a dhéanfá mura mbeifeá i do réalta mhór ar Ros na Rún?
Is dócha go mbeinn ag obair mar chuntasóir. Sin an chéim a bhain mé amach sa gcoláiste.
19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Tá, go leor. An ceann is mó ná go bhfuil an diabhal orm go mbíonn mo chos ar creathadh i gcónaí nuair a bhím i mo shuí.
20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Is dócha, mo chéim a bhaint amach nó páirt Evan a fháil!