60 Soicind le…

Is neach neamhshaolta gan ainm, gan anam atá linn an tseachtain seo agus é abhus ón domhan eile, i ndiaidh dó 20 bliain a chaitheamh faoi thalamh, le páirt a ghlacadh i gceiliúradh TG4 Oíche Shamhna.

Agus é i mbun buscála ar shráideanna na Gaillimhe inniu, thóg sé briseadh le labhairt linn faoina chuimhní ar an chéad oíche chraolta, faoi scoth na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil sa domhan eile agus faoin dúil atá aige i nduine de na snapairí is aitheanta in TG4.


1. Cárb as duit?

An domhan eile.

2. Na rudaí is fearr faoi do cheantar dúchais.

– scléip osnádúrtha
– rincí leis na síoga
– tinte cnámh
– síorspraoi
– wifi iontach
– seirbhísí go hiomlán i nGaeilge

3. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach duit ó Oíche Shamhna 1996, an oíche a tháinig TnaG ar an fhód?

Níor thuig mé riamh go dtí an oíche sin go raibh an oiread sin daoine muinteartha agam.

Bhí mé leath ag smaoineamh go bhfágfainn an domhan eile agus go socróinn síos i mBaile na hAbhann go deo.

Chuir mé isteach ar thriail scáileáin mar Phúca na hAimsire ach bhí iomaíocht ghéar ann ag an am agus fuair an boc sin, Ailbhe Ó Monacháin, an post sa deireadh!

4. Cuir síos ort féin le trí fhocal.

Fiosrach. Físúil. Fuinniúil.

5. An rud is fearr faoin tSamhain?

An tairseach. Agus a bheith ag sciobadh daoine nua thairsti.

6. Leabhar maith a léigh tú ar na mallaibh?

Cré na Cille, ar ndóigh. Tá sé ar sheilf i ngach aon teach sa domhan eile.

larpuca

7. Céard a dhéanfá mar shlí bheatha sa domhan seo mura mbeifeá i do phúca?

Tá mé ag snapaireacht ó bhí mé sa chliabhán, mar sin bheinn i mo láithreoir Snapchat ar TG4TV go cinnte.

Ba bhreá liom mo chuid laethanta a chaitheamh le Caitlín Nic Aoidh agus Micheál Ó Ciaraidh.

Bíonn an-chraic acu beirt i gcónaí.

8. An bhfuil aiféala ort as rud ar bith?

Aiféala? Céard é sin?

9. An t-amhrán is fearr leat?

‘An Fhuil’ – amhrán na Samhna le Aeons.

Beidh sé á cheol beo ag an spéirbhean Muireann Nic Amhlaoibh (thíos) agus a cuid cairde ceolmhara ag cóisir na Samhna! HUP!

muireann

10. Is maith leat a bheith ag seinm ar an dord agus tú sa domhan seo ach cad a bhíonn á seinm ag púcaí ceolmhara mar tú sa domhan eile?

Bhuel, is de chlann cheolmhar mé. Is deal mór mo mhuintir, bíodh a fhios agat.

Ar chuala tú riamh ‘Port na bPúcaí’?

Bhuel, is í mo shin-seanmháthair a chum é sin.

Sa domhan eile is féidir leat ceol binn a bhaint as líon an damháin alla, mar a dhéanfá le cláirseach ar an domhan seo.

Tá cnaguirlisí maithe againn freisin. Na blaoscanna is fearr liom.

Cuireann muid cnónna capaill isteach iontu agus croitheann muid iad.

Tá cuid mhór cnámh ina luí thart sa domhan eile.

Cuireann an cine daonna faoi thalamh iad agus baineann muidne úsáid astu le fliúiteanna a dhéanamh.

11. Beoir nó fíon?

Braon beorach agus braon fíona agus ní dhiúltóinn Football Special ach oiread!

12. An clár is fearr leat a craoladh ar TG4 le 20 bliain?

Cré na CilleNa Cloigne.

Caithfidh mé Na Cloigne a rá mar go raibh mo chol ceathracha ar fad ann, cé nach raibh mórán aisteoireachta ar siúl acu. Sin mar atá siad le fírinne. Tá an taobh sin den teaghlach mar sin.

13. An rud is fearr faoi bheith i do phúca?

Déantar lá den oíche agus oíche den lá.

14. Céard a dhéanann púcaí na Samhna i gcaitheamh na bliana?

Cuireann muid tús le gach aon oíche le cupán deas seacláide te agus caitheann muid súil siar ar sheinnteoir TG4.

Cuireann muid na laethanta isteach le cluichí maithe Monopoly.

Níl aon airgead sa domhan eile.

15. An tréith dhaonna is tábhachtaí, dar leat?

Níl tuiscint ar bith agam ar thréithe daonna. Tá siad leadránach go leor.

16. An carachtar is fearr leat ó Ros na Rún?

Tadhg, mar go mbíonn sé ag seoladh cairde nua chugainn. Bhí Tina í féin go maith ag an ealaín sin freisin.

17. Céard a dhéanfá le púca eile a bhfuil dúil agat ann chun é nó í a mhealladh?

D’eagróinn oíche mhór scanrúil #AGOA

18. An uair dheireanach a nigh tú do chuid fiacla?

Nigh mo chuid fiacla? An bhfuil tú a rá go bhfuil boladh bréan le m’anáil?

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Tá….go leor….barraíocht do na leathanaigh seo.

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

A bheith ar ais in Éirinn agus páirteach i gceiliúradh TG4XX BEO!

Deirtear liom go mbeidh mé ag casadh le Caitlín Nic Aoidh ar ball – buaicphointe eile cinnte!

(Ach ná hinis d’éinne, mar nach fios do Chaitlín féin faoi seo, ach beidh sí ag dul ar camchuairt dhraíochtúil linn.)


Beidh TG4XX BEO ag craoladh Oíche Shamhna ó 9.30-11.30in ar aghaidh ar TG4. Lean an chraic uilig ar Snapchat, Facebook agus Twitter #TG4XX  

SCÉALTA EILE